Cumann na Saoirse

eagraíocht a bunaíodh sa bhliain 1922

Eagraíocht Éireannach do mhná poblachtacha ab ea Cumann na Saoirse, a bunaíodh i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1922, tar éis scoilte i gCumann na mBan .

Bosca Sonraí EagraíochtaCumann na Saoirse
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1922
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Ar an 7 Eanáir 1922 cheadaigh an Dara Dáil an Conradh Angla-Éireannach le dlúthvóta de 64–57. Ar an 5 Feabhra tionóladh comhdháil chun é seo a phlé, agus vótáil 419 ball de Chumann na mBan ina choinne le hais 63 i bhfabhar. Bhunaigh na mná ar thaobh an Chonartha, faoi cheannas Jennie Wyse Power Cumann na Saoirse le teacht in áit Chumann na mBan i Márta 1922. [1] D’athraigh cuid acu a thacaigh leis an gConradh ainm a gcraobhacha go Cumann na Saoirse, agus choinnigh cuid eile a n-ainm ach thug siad dílseacht do Rialtas an tSaorstáit . [2]

Faoi Iúil 1923, nuair a tháinig deireadh le Cogadh Cathartha na hÉireann, bhí an eagraíocht réidh chun í féin a dhíscaoileadh. [3] D'fhiosraigh an Cumann ar Risteárd Ó Maolchatha faoi bhallraíocht a aistriú go Crois Dhearg na hÉireann, ach níor bunaíodh cumann dá leithéid go dtí 1939. [3]

  1. Field Day Anthology of Irish Writing vol. 5, p. 122
  2. Conlon, pp. 268–270
  3. 3.0 3.1 Lehane (2019). "A History of the Irish Red Cross" (in en). Four Courts Press. ISBN 9781846827877. 
  • Conlon (1969). "Cumann na mBan and the Women of Ireland 1913–1925". Kilkenny: Kilkenny People. 
  • Boylan, Henry, (ed.), A Dictionary of Irish Biography (Dublin 1999).
  • Ward, Margaret, 'Marginality and Militancy: Cumann na mBan, 1914-1936', in Austen Morgan and Bob Purdie (eds.), Ireland: Divided Nation, Divided Class (London 1980).

Naisc sheachtracha

cuir in eagar

Cumann na Saoirse”. Points for Canvassers. Cumann na Saoirse (1922). Dáta rochtana: 30 March 2015.