Dòmhnall Ruadh Chorùna
File Albanach ab ea Dòmhnall Ruadh Chorùna, nó Dòmhnall Dòmhnallach (9 Iúil 1887 — 13 Lúnasa 1967).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 9 Iúil 1887 Am Baile Sear, Scotland |
Bás | 13 Lúnasa 1967 80 bliana d'aois Loch nam Madadh, Scotland |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, file |
Seánra | Filíocht |
Teangacha | Béarla |
Gairm mhíleata | |
Brainse míleata | Arm na Breataine |
Coinbhleacht | An Chéad Chogadh Domhanda |
Saothar | |
Saothar suntasach |
Rugadh é i gCorùna ar Chladach a' Bhaile Shear in Uibhist a Tuath. Ainmníodh an baile in ómós dá shin-seanathair a bhí ina shaighdiúir ag Coruña na Spáinne sa bhliain 1809.
Nuair a d'fhág Dòmhnall Scoil Chàirinis, chuaigh sé isteach san arm. Chuaigh sé go dtí an Fhrainc i reisimint na gCamshrónach sa Chéad Chogadh Domhanda, áit ar goineadh é ag Cath an Somme. Cé gur fhill sé abhaile agus é ag fáil cóir leighis, d'fhill sé ar an bhFrainc arís. Is faoin Chogadh na dánta is cáiliúla dá chuid, ina measc 'Air an Somme', 'Illean, March at Ease', 'Òran Arras' agus 'An Eala Bhàn'.
Nuair a tháinig sé abhaile ón bhFrainc, phós sé Anna NicDhòmhnaill (Anna Ruairidh 'ic Nèill) agus bhí beirt pháistí acu. D’oibrigh Dòmhnall mar shaor cloiche agus tá a chuid sárshaothair fós le feiceáil i gcúpla teach in Uibhist a Tuath. Scríobh sé go leor filíochta faoi cheisteanna pobail, faoi sheilg, agus faoin dúlra timpeall an ama seo, agus ina sheanaois chloígh sé le hamhráin spioradálta agus le hiomainn.
Tá cuid mhaith d’fhilíocht Dhòmhnaill ar fáil in eagrán a d’fhoilsigh Fred MacAmhlaigh i 1995 ach tá i bhfad níos mó ann nár cuireadh i gcló riamh.