Dóchas - An Scátheagras Éireannach d'Eagraíochtaí Forbartha Neamhrialtasacha

cumann ionadaíoch le haghaidh eagraíochtaí neamhrialtasacha Éireannacha

Is cumann ionadaíoch é Dóchas le haghaidh eagraíochtaí neamhrialtasacha Éireannacha (NGOanna) atá ag obair i bhforbairt thar lear.

Bosca Sonraí EagraíochtaDóchas - An Scátheagras Éireannach d'Eagraíochtaí Forbartha Neamhrialtasacha
Sonraí
Cineálumbrella organization (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáindochas.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Mar bhratchomhlacht, is fóram é Dóchas trínar féidir lena bhalleagraíochtaí ceisteanna forbartha a phlé. Bíonn deis ag eagraíochtaí dul i gcomhairle agus comhordú le chéile trí mheithleacha ar raon ceisteanna forbartha lena n-áirítear gníomh daonnúil, míchumas, slándáil an tsoláthair bhia, VEID agus SEIF agus oideachas forbartha.

Tá ról lárnach ag Dóchas freisin ó thaobh caighdeáin dea-chleachtais a fhorbairt san earnáil, áit a mbíonn baill ag foghlaim óna chéile agus ag obair le chéile chun na críche sin.

Soláthraíonn Dóchas comhairle faoi bheartas agus tugann sé faoi fheachtais tacaíochta agus feasachta ar cheisteanna forbartha in Éirinn agus san AE. Is é ionadaí na hÉireann é ar Struchtúr comhordaithe NGOanna an Aontais Eorpaigh, CONCORD.

Naisc Sheachtracha cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar