Dónall Ó Héalaí
Aisteoir agus guthaisteoir Éireannach is ea Dónall Ó Héalaí (a rugadh 28 Samhain 1987).[1] Is cainteoir dúchais Gaeilge é, agus bhí páirteanna aige i roinnt scannán Gaeilge mór le rá, Arracht agus Foscadh san áireamh.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1987 37/38 bliana d'aois Indreabhán, Éire |
Teanga dhúchais | an Ghaeilge |
Gníomhaíocht | |
Gairm | aisteoir |
Teangacha | An Ghaeilge |
Rugadh Ó Héalaí in Indreabhán i gConamara, agus tógadh é in Indreabhán agus sa Spidéal. Thosaigh sé ag aisteoireacht nuair a bhí sé 14 bliana d'aois i gclub óige áitiúil.[2]
Bhain sé céim amach ó Ollscoil Mhá Nuad agus bronnadh Duais Litríochta an Dr. H.H. Stewart air le linn a chuid staidéir ann.[3] Rinne sé staidéar níos déanaí sa Stella Adler Studio of Acting i Nua-Eabhrac agus in Acadamh Bow Street i mBaile Átha Cliath.[4][5]
Sa bhliain 2006, ghabh Ó Héalaí a chéad pháirt i gclár teilifíse mar Jeaic i séasúr a haon den tsraith Aifric ar TG4.
Is é a bhí mar Otis sa scéinséir síceolaíoch Meiriceánach Impossible Monsters in 2019.[6][7] An bhliain chéanna sin, bhí príomhpháirt aige mar Colmán Sharkey sa scannán drámaíochta Gaeilge Arracht, a bhuaigh an scannán Gaeilge is Fearr ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath 2020 agus Gradam an Lucht Féachana ag Féile Scannán Ghlaschú 2020.[8]
Bhunaigh Ó Héalaí an tionscnamh cultúrtha Celtic Consciousness, agus, in 2018 thug sé caint TEDxBerkeley ar an nGaeilge agus an áilleacht.
Rólanna
cuir in eagarScannán
cuir in eagarBliain | Teideal | Ról | Nótaí |
---|---|---|---|
2012 | Skint | Billy | Gearrscannán |
2014 | Sínte | Seán | Gearrscannán |
2015 | My Name is Emily | Garda óg | |
Pursuit | Oisín | ||
Traders | Kicker | ||
2016 | Catch 22 | Mikey | |
2017 | Loud Places | Garrett | |
2019 | Impossible Monsters | Otis | |
Arracht | Colmán Sharkey | ||
2021 | Foscadh | John Cunliffe |
Teilifís
cuir in eagarBliain | Teideal | Ról | Nótaí |
---|---|---|---|
2006 | Aifric | Jeaic | 5 eipeasóid[2][9] |
2010–2011 | Seacht | Quinn | 3 eipeasóid |
2013 | The Siege 1922 | Rólanna éagsúla | Scannán teilifíse |
2011–2014 | Corp & Anam | John Glynn / Garda Óg | 3 eipeasóid |
TBA | North Sea Connections | Shane McDonagh | Le teacht |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Litrítear a shloinne gan síneadh fada ar Vicipéid an Bhéarla: "Ó Héalai" toisc gurb é an litriú ar a chuntas Twitter. Ach is "Ó Héalaí" an litriú sna teidil creidiúna ina chuid scannán, agus an litriú a leanann gnás na Gaeilge.
- ↑ 2.0 2.1 "Connemara actor Dónall Ó Héalaí @ Galway Film Fleadh". Galway Advertiser.Kernan Andrews (9 July 2015).
- ↑ “NUI Awards 2009” (pdf). National University of Ireland.
- ↑ “Our Programme Graduates: 2014”. Bow Street.
- ↑ Andrews, Kernan (9 July 2015). “Connemara actor Dónall Ó Héalaí @ Galway Film Fleadh”. Dáta rochtana: 15 December 2021.
- ↑ “IMPOSSIBLE MONSTERS Starring Santino Fontana to Screen at HBO New York Latino Film Festival”. Broadwayworld (30 July 2019).
- ↑ “Impossible Monsters”. Cinequest.
- ↑ Niall Murphy (9 March 2020). “Irish drama Arracht wins awards in Dublin and Glasgow”. www.Scannain.ie.
- ↑ "Young Cois Fharraige man looks for lucky break in New York’s acting circle". Galway Advertiser.