Is dún stairiúil é Agra i gcathair Agra san India. Rinne an rialtóir mór Akbar athchóiriú ar an dún ag tosú i 1565, agus críochnaíodh an struchtúr atá ann inniu sa bhliain 1573. Ba é príomháit chónaithe rialtóirí Ríshliocht na Mógal go dtí 1638, nuair a aistríodh an phríomhchathair ó Agra go Deilí. Tugadh "Lal-Qila", "Fort Rouge" nó "Qila-i-Akbari" air freisin.[1] Sular ghabh fórsaí na Breataine é, ba iad na Marathas na rialtóirí deireanacha Indiacha a bhí ann. Sa bhliain 1983, aithníodh é mar Láithreán Oidhreachta Domhanda ag EOECNA.[2] Tá sé thart ar 2.5 km siar ó thuaidh óna chomh-shéadchomhartha níos cáiliúla, an Taj Mahal. Bheadh sé níos cruinne cur síos a dhéanamh ar an dún mar “cathair mhúrtha”.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Dún Dearg in Agra
Íomhá
Lipéad sa teanga dhúchais(hi) आगरा का क़िला
Sonraí
CineálDún
Foirgníocht1565 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinAgra, An India
Map
 27°10′46″N 78°01′17″E / 27.179583°N 78.021297°E / 27.179583; 78.021297
Suíomh Oidhreachta Domhanda  
CineálOidhreacht chultúrtha  → An Áise-An Aigéine
Am1983 (7ú Seisiún), Critéar roghnúcháin don Oidhreacht Dhomhanda: (iii)
Aitheantóir251
Monument of National Importance (en) Aistrigh
Suíomh gréasáin oifigiúiltajmahal.gov.in…

Tagairtí cuir in eagar

  1. Agra Fort.[1]
  2. Agra Fort.[2]