Dúnmharú Brian Thompson
Caitheadh Brian Thompson, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin de chuid UnitedHealthcare (árachas sláinte) go luath ar maidin an 4 Nollaig 2024 in Manhattan. Gabhadh Luigi Mangione, 26 bliain d'aois ag an am, i bPennsylvania tar éis leid ó oibrí McDonald's. Tá Mangione cúisithe as an dúnmharú.[1]
| ||||
Cineál | dúnmharú d’aon ghnó ionsaí lámhaigh | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 4 Nollaig 2024 | |||
Suíomh | Hilton New York, New York (en) , Manhattan, New York | |||
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Amhrastach coiriúil | Luigi Mangione | |||
Sprioc | Brian Thompson | |||
Líon básanna | 1 | |||
Líon gortaithe | 0 | |||
Arm | Brügger & Thomet VP9 Silenced Pistol (en) | |||
Líon na ngabhálacha | ||||
Meán cumarsáide | ||||
Scannal
cuir in eagarTharraing an cás aird shuntasach agus tráchtaireacht ar líne agus sna meáin chumarsáide, rud a léiríonn frustrachas agus fearg go leor Meiriceánach faoi chóras leighis príobháideach Mheiriceá. Cé gur mhol roinnt tráchtairí ar líne é mar laoch, rinne daoine eile anailís ar a phoist ar líne agus iad ar thóir leideanna idé-eolaíocha maidir lena spreagadh.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (14 Nollaig 2024). "Nuacht Mhal' (Baile Átha Cliath)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-12-14.
Is síol faoi Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |