Dúnmharuithe Craigavon (1991)
Ar 28 Márta 1991, mharaigh Óglaigh Uladh (UVF nó an "Protestant Action Force") triúr Caitliceach, Katrina Rennie (16), Eileen Duffy (19) agus Brian Frizzell (29).[1] Scaoileadh iad ar an eastát Drumbeg i Craigavon.[2] Bhí na cailíní i mbun siopa taistil ar an eastát agus bhí an fear, ina chustaiméir, san áit mhícheart ag an am mícheart.[3]
Cineál | lámhach |
---|---|
Dáta na bliana | 28 Márta 1991 |
Suíomh | Craigavon, Northern Ireland |
Tír | Tuaisceart Éireann |
Líon básanna | 3 |
Déantóir na coire | Óglaigh Uladh |
Arm | Browning Hi-Power (en) |
Fuath seicteach, go príomha, a bhí taobh thiar den ionsaí. Ní raibh aon bhaint ag na híospartaigh leis an IRA.
Cion sa chion, dúnmharaíodh beirt Protastúnach, Derek Ferguson (col ceathrar le William McCrea), ar 9 Aibreán agus Ian Sproule ar 13 Aibreán.[4]
Sa bhliain 1992, cúisíodh Tom Harper as bheith comhpháirteach, an tiománaí ar an 28 Márta. Níor rugadh riamh ar an bhfear gunna.
Bhí Billy Wright i gceannas ar an UVF i Lár Uladh ag an am, paraimíleatach dílseach. Deirtear gur ordaigh sé an t-ionsaí i gCraigavon agus go raibh sé freagrach as scór dúnmharuithe seicteacha (agus ‘King Rat’ a thugtaí air).[5]
Claonpháirteachas
cuir in eagarBhí líomhaintí ann maidir le claonpháirteachas le paraimíleataigh níos déanaí. Aisteach go leor, chaill na póilíní cartlanna sa bhliain 1998.[6]
Ar an 25 Samhain 2024, san Ard-Chúirt i mBéal Feirste, cuireadh tús le cás dlí sibhialta, faoi chlaonpháirteachas na Breataine, atáthar a thabhairt in aghaidh Rialtas na Breataine as dúnmharuithe a rinne paraimíleataigh dhílseacha le linn na coimhlinte ó thuaidh. Tá na teaghlaigh ag lorg damáistí ar an mBreatain as dul i gclaonpháirt leis na marfóirí. Baineann an cás le lear mór arm a tugadh isteach sa Tuaisceart ón Afraic Theas i 1987 agus ar baineadh úsáid astu le 70 duine ar a laghad a dhúnmharú.
Tá an cás sibhialta á thabhairt ag Pat Frizzell ar son a dhearthár Brian Frizzell. Bhí Brian Frizzell ar dhuine de thriúr a mharaigh an UVF in Craigavon i gCo an Dúin i mí an Mhárta 1991. Eileen Duffy, a bhí naoi mbliana déag, agus Katrina Rennie, a bhí sé bliana déag, ab ea an bheirt eile.[7]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "CAIN: Sutton Index of Deaths". cain.ulster.ac.uk. Dáta rochtana: 2021-03-29.
- ↑ Clár "This Week" (1991). "Mobile shop killings Drumbeg, Craigavon 1991" (as en) (ar Youtube).
- ↑ "Court heard alleged role of Oliver in Craigavon killings" (en). The Irish News. Dáta rochtana: 2021-03-28.
- ↑ "CAIN: Sutton Index of Deaths". cain.ulster.ac.uk. Dáta rochtana: 2023-03-03.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (24 Iúil 2016). "Easpa gnímh faoi pharaimíleataigh agus dúnmharuithe ‘King Rat’ á mholadh go poiblí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-03-28.
- ↑ "Newshound: Links to daily newspaper articles about Northern Ireland". www.nuzhound.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-04-10. Dáta rochtana: 2021-03-28.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-11-25). "Tús le cás sibhialta faoi chlaonpháirteachas na Breataine" (as ga-IE).