Damo and Ivor

clár teilifíse

Is clár teilifíse Éireannach é Damo and Ivor a thosaigh mar chuid den chlár Republic of Telly ar RTÉ. Is beirt deartháireacha ficseanúla iad sa chlár. Tá Damo ina dhuine garbh, agus cónaíonn sé ar an taobh thuaidh i mBaile Átha Cliath. Tá Ivor ina dhuine galánta, a chónaíonn i gCarraig an tSionnaigh ó dheas. Tá roinnt amhrán acu lena n-áirítear Bosca Mór Bosca Beag, agus Everybody's drinking (Tá Gach Duine ag Ól). Bhí an-rath orthu ar an Republic of Telly, agus thosaigh siad clár dá gcuid féin.

Infotaula de sèrie de televisióDamo and Ivor
Séanracoiméide
Aisteoirí
TírÉire
BunteangaBéarla na hÉireann
Bealach teilifíseRaidió Teilifís Éireann
An chéad eipeasóid22 Meán Fómhair 2013
Tuilleadh eolais
IMDB: tt3109674 Cuir in eagar ar Wikidata

Foireann cuir in eagar

Glacann an t-aisteoir Andy Quirke rólanna Damo agus Ivor. Glacann Lewis McGee ról chara Damo, Spuddy, tá Ruth McCabe ina ‘Granno’, agus Hannah Crowley mar chailín ó Charraig an tSionnaigh i ról Sarah-Jane.

Scéal cuir in eagar

Thosaigh an clár agus Damo ag díol a dhuáin, mar go dteastaíonn airgead óna sheanmháthair atá san ospidéal. Ach tar éis di an t-airgead a fháil, teastaíonn duán nua uaithi.

Scannán cuir in eagar

Fógraíodh go mbeadh scannán Damo and Ivor. Beidh sé scaoilte sa bhliain 2018. Thosaigh an léiriúchán don scannán i rith Samhradh 2017. Beidh Andy Quirke, Tina Kellegher, Ruth McCabe agus Simon Delaney.​