Deachúil códaithe go dénártha (BCD)

Is éard atá i gceist le Deachúil Códaithe go Dénártha (nó BCD[2]) ná léiriú uimhriúil ina sanntar uimhir mar sheicheamh de dhigití deachúlacha agus ansin go n-ionchódaítear gach digit dheachúlach mar uimhir dhénártha ceithre ghiotán (leathbheart).[3]

Infotaula equipament informàticDeachúil códaithe go dénártha

Cuir in eagar ar Wikidata
Léirítear gach uimhir dheachúil (0-9) le sraith 4 ghiotán (digit dhénártha) dénártha.[1]

Léirítear gach uimhir dheachúil (0-9) le sraith 4 ghiotán (digit dhénártha) dénártha.[1] Mar shampla, d'ionchódófaí 92 deachúlach mar sheicheamh ocht ngiotán 1001 0010. I gcásanna áirithe, bíonn an comhartha (deimhneach nó diúltach) san áireamh sa leathbheart is faide ar dheis.

Is furasta uimhreacha deachúlacha ná uimhreacha dénártha a thiontú go BCD agus ó BCD agus, cé gur minic a thiontaítear BCD go dénartha ar mhaithe le próiseáil uimhríochta, is féidir crua-earraí a thógáil a oibríonn go díreach ar BCD.[3]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Matt Hussey (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim). 
  2. BCD nó Binary Coded Decimal
  3. 3.0 3.1 ""deachúil códaithe go dénártha"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2022-09-27.