Deargadaoil i mBád fó Thoinn
Meastar uaireanta gurb é Deargadaoil i mBád fó Thoinn an chéad úrscéal campais i nGaeilge. É breactha ag an údar Pádraic Breathnach, a chaith bunáite dhá scór bliain ag obair mar léachtóir i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach.
Cineál | saothar liteartha |
---|---|
Cárta innéacs | |
Údar | Pádraic Breathnach |
Teanga | an Ghaeilge |
Foilseachán | Éire, 2012 |
Tréith | |
Seánra | ficsean |
Meafar é an teideal do shaol conspóideach na hollscoile, an fhírinne shuimiúil seachas aoir.
Sampla cumasach den úrscéal campais, a thugann faobhar faoi na boic mhóra atá i gceannas ar na hinstitiúidí acadúla faoi láthair, faoin struchtúr cumhachta atá i bhfeidhm agus faoin gcleachtas áiféiseach atá á bhrú ar an aos léinn.
In agallamh físe le hAodh Ó Gallchóir, deir Pádraic Breathnach gur úrscéal campais é 'Deargadaoil i mBád fó Thoinn, sa mhéid a deir é "is go bhfuil sé lonnaithe i gcoláiste tríú leibhéil", ach nach bhfuil sé ag rá—ina fhocal féin arís — "gurb aon choláiste ar leith atá i gceist ann, ach cineál cumaisc de choláistí difriúla. Dhá bhrí sin, saol ollscoile atá i gceist ann, dháiríre, ach go bhfuil sé léirithe trí shúile bhall foirne seachas trí shúile mhic léinn....Sílim" deir Pádraic " gurb é seo an chéad úrscéal campais sa Ghaeilge, dháiríre. Tá siad le fáil i mBéarla, ach níl siad le fáil i nGaeilge." [1]
"Leabhar an-taitneamhach, scríofa ag an té a thuig córas áirithe agus ar féidir leis bunús an chórais áirithe sin a mhíniú i mbealach greannmhar agus mealltach."[2]
Sonraí eile
cuir in eagar- Teideal; Deargadaoil i mBád fó Thoinn
- Údar; Pádraic Breathnach
- ISBN; 978-1-909367-57-9
- An chéad chló; 2012
- Clúdach; bog
- Meáchan; 250 g
- Praghas miondíola in Éirinn; €10 (nó £11.40 san Ríocht Aontaithe)
- Foilsitheoir; Cló Iar-Chonnacht
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Lth 86, Alt le Pádraig Ó Ciarbháin, sa leabhar Prós Paiteanta Aistí in Ómós do Phádraic Breathnach
- ↑ Cló Iar-Chonnacht Teo