Is banna Miotail trom Éireannach é Death the Leveller a bunaíodh in 2016.

Bosca Sonraí EagraíochtaDeath the Leveller
Sonraí
Cineálbanna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh2016
Gníomhaíocht
SeánraEpic doom metal (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: deaththelevellerdoom Bandcamp: deaththeleveller Discogs: 6194316 Cuir in eagar ar Wikidata

Tar éis do Mael Mórdha briseadh oifigiúil a fhógairt i mí na Samhna 2015, chuir an seinnteoir dord Dave Murphy, an drumadóir Shane Cahill agus an giotáraí Gerry Clince tús leis an banna nua Death the Leveller in éineacht le hiar-amhránaí an bhanna Cursed Earth Denis Dowling.[1] Le chéile thaifead na ceoltóirí ar a chéad singil A Call to Men of Noble Blood ar dtús agus níos déanaí an taispeántas Death the Leveller I. Bhí na ceithre amhrán ar an Céirnín Leathfhada bunaithe ar phíosaí uirlise ar oibrigh an triúr ó Mael Mórdha ar sular tháinig Dowling isteach sa bhanna. Chuir Dowling a chuid liricí agus séiseanna gutha féin leis. Taifeadadh an CL le Michael Richards ag Trackmix Studios i mBaile Átha Cliath. Ar dtús bhí sé ceaptha a bheith 38 Nóiméad fada mar chéad taispeántas an bhanna, ach thairg Martin Knötzele ó Journey's End Records don bhanna na taifeadtaí taispeána a scaoileadh i bhformáid vinil. Idir an dá linn, chinn Knötzele I a scaoileadh mar CL i mí na Samhna 2017. Mhol Carl Fisher ó Games, Brrraaains & a Head-Banging Life an CL mar chéad eisiúint ón mbanna. I 2020 d'eisigh an banna a chéad albam stiúideo dar teideal II, ar Cruz del Sur Music.

Dioscliosta

cuir in eagar
  • 2017: A Call to Men of Noble Blood (Singil)
  • 2017: I (Demo, 2017: atheisiúint mar Ceirnín Leathfhada, Journey's End Records)
  • 2020: II (Albam, Ceol Cruz del Sur)

Nasc Seachtreach

cuir in eagar
  1. Death The Leveller”.