Declan Kidney

bainisteoir rugbaí Éireannach

Cóitseálaí rugbaí is ea Declan Kidney. (Rugadh 20 Deireadh Fómhair, 1959 i gCorcaigh). Tá sé ag obair le foireann náisiúnta rugbaí na hÉireann faoi láthair. Roimhe sin, bhuaigh sé Corn na hEorpa faoi dhó le foireann na Mumhan.

Infotaula de personaDeclan Kidney

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith20 Deireadh Fómhair 1959
64 bliana d'aois
Corcaigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Toirbhirte Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmrugby union coach (en) Aistrigh, imreoir rugbaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1980 –
SpórtRugbaí Aontais Cuir in eagar ar Wikidata

Luathshaol cuir in eagar

Tá baint aige leis an gcluiche ó d’imir sé é ar scoil i gColáiste Bhráithre na Toirbhearta, Corcaigh, tráth a bhuaigh sé bonn sa chorn sinsearach mar leathchúlaí-amuigh. Chaith sé tréimhse freisin le Dolphin RFC agus Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.

Oileadh é mar mhúinteoir matamaitic sa Choláiste Ollscoile, Corcaigh agus ceapadh é mar mhúinteoir matamaitice ina Alma Mater, Coláiste Bhráithre na Toirbhearta. Níos déanaí d’oibrigh sé mar mhúinteoir gairmthreorach chomh maith. Ghlac sé ról traenálaí rugbaí sa scoil sin, áit ar éirigh go maith leis mar thraenálaí don fhoireann shóisearach i dtús báire agus don fhoireann shinsearach níos déanaí sna hochtóidí. D’éirigh leo trí chorn shinsearacha agus cúig chorn shóisearacha a bhaint amach.

Bhí Kidney ag cóitseáil Dolphin (AIL Roinn a Dó) ag an am seo freisin. Sa chéad bhliain ba bheag nár íslíodh Dolphin ach, buíochas le hathrú rialacha an chluiche, lean siad orthu go Roinn a hAon de Léigeanna na hÉireann den chéad uair i 1997.

Traenálaí rugbaí proifisiúnta cuir in eagar

Tar éis dó foireann scoile na hÉireann a chóitseáil (tráth a bhuaigh siad Coróin Thriarach) thosaigh Kidney ag traenáil na foirne náisiúnta (faoi 19 mbliana d’aois), foireann a bhuaigh an Corn Domhanda i 1998. Agus an comórtas seo thart chuaigh sé isteach le foireann na Mumhan. Ó 1998 bhí sé ag traenáil leithéidí Mick Galway agus Peter Clohessy sa phaca agus chomh maith le sin bhí beirt leathchúlaí óga, Ronan O'Gara agus Peter Stringer, faoina stiúir aige.

Bhí Stringer curtha chun tosaigh ar Brian O’Meara agus Tom Tierney, beirt a bhí ag imirt leis an bhfoireann náisiúnta, le XV príomha na Mumhan.

In 2002, tháinig Leicester in uachtar ar fhoireann na Mumhan i gCorn Heineken. Ina dhiaidh sin, d’fhág sé le bheith ina thraenálaí cúnta faoi Eddie O’Sullivan agus ionad Alan Gaffney a ghlacadh ann.

Ofráladh síneadh conartha 4 bliana do O’Sullivan roimh an gCorn Domhanda Rugbaí agus níor ofráladh an síneadh conartha céanna do Kidney. Le linn an tsamhraidh in 2004 chuaigh Kidney go club nua, Newport Gwent Dragons, ach i mí Lúnasa 2004, tar éis trí mhí a chaitheamh sa phost, d’fhág sé agus thosaigh sé ag obair le foireann Chúige Laighean. Bhuaigh siad sé chluiche as a chéile ach ní raibh mórán maitheasa ag baint le lucht an fhreasúra ach amháin Bath.

Sa chluiche ceathrú ceannais i mBóthar Lansdún d’éirigh le foireann Leicester Tiger 29 pointe a fháil i gcoinne 13 do Chúige Laighean. Bhí dhá rud chonspóideacha an lá sin - roghnú foirne agus an rogha a bhí déanta faoin am seo ag Kidney Cúige Laighean a fhágáil agus filleadh ar Chúige Mumhan in 2005.

Sa chéad séasúr bhain foireann na Mumhan Corn Heineken nuair a bhuaigh siad in aghaidh Biarritz 23-19 tar éis dóibh an cluiche deireanach a chailliúint in 2000 agus 2002. Bhuaigh Kidney Comórtas Philips do Bhainisteoir na Bliana in 2006.

Foireann na hÉireann cuir in eagar

Ceapadh é mar thraenálaí fhoireann na hÉireann i mí na Bealtaine 2009. Chuir Pat Howard, iarthraenálaí Leicester agus Jake White, iarthraenálaí na hAfraice Theas in iúl go raibh suim acu sa ról. Ní raibh Kidney ar fáil don turas go dtí an Nua-Shéalainn agus an Astráil (de bharr gur theastaigh uaidh fanacht leis an Mumhain go dtí deireadh chomórtas Chorn Heineken) ach roghnaíodh Kidney ar aon nós. Ar an 24 Bealtaine 2008 bhuaigh an Mumhain comórtas Chorn Heineken faoina stiúir. I mí Iúil 2008 ghlac Tony McGahan a ionad mar thraenálaí na Mumhan. Beidh Kidney ina thraenálaí leis an bhfoireann náisiúnta go dtí, ar a laghad, an Corn Domhanda in 2011.

I mí an Mhárta 2009 mhol sé go mbeadh athbhreithniú ar na ELV- Rialacha Trialacha Éagsúla a bhí curtha i bhfeidhm chun imirt ionsaithe a spreagadh ach dúirt sé go raibh toradh contrártha ag na rialacha seo in amanna.

Tagairtí cuir in eagar