Denis Bradley

polaiteoir Éireannach

Is iar-leaschathaoirleach é Denis Bradley ar Bhord Póilíneachta Thuaisceart Éireann, a dhéanann maoirseacht ar reáchtáil Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (PSNI) i dTuaisceart Éireann . Saor-iriseoir é Bradley. Bhí sé ina shagart Caitliceach roimhe seo.

Infotaula de personaDenis Bradley
Beathaisnéis
BreithBun Cranncha Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmcathaoirleach Cuir in eagar ar Wikidata

Luathbhlianta cuir in eagar

Rugadh Bradley i mBun Cranncha, Contae Dhún na nGall, agus rinne sé staidéar i gColáiste Naomh Colum Cille i nDoire. Oirníodh é i 1970.[1]

Seirbhís phoiblí cuir in eagar

Tar éis dó an sagartacht a fhágáil, d’oibrigh Bradley mar oibrí sóisialta. Bhunaigh sé Northlands, dídean agus ionad cóireála le haghaidh andúile alcóil agus drugaí i nDoire.[2]

Bhí Bradley ina bhall de Choiste Drugaí Thuaisceart Éireann,de Chomhairle Craolacháin an BBC. agus de Consultative Group on the Past i dTuaisceart Éireann.[3][4][5]

Gradaim cuir in eagar

I 2005 bhronn Ollscoil Uladh Dochtúireacht Oinigh sa Dlí (LLD) ar Bradley as an méid a chuir sé le saincheisteanna póilíneachta i dTuaisceart Éireann.[2]

Saol pearsanta cuir in eagar

Ar 20 Meán Fómhair 2005, gortaíodh Bradley nuair a ionsaíodh é, ag féachaint ag an am ar chluiche sacair i dteach tábhairne i nDoire.[6]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "'Father Bradley' finds himself in former no-go area: ThePost.ie". web.archive.org (2006-08-27). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2006-08-27. Dáta rochtana: 2023-04-06.
  2. 2.0 2.1 macgillsummerschool.com (2019-06-27). "Denis Bradley" (en-US). MacGill Summer School. Dáta rochtana: 2023-04-06.
  3. Consultative Group on the Past Report BBC News, 23 January 2009
  4. "NI Troubles legacy to cost £300m" (en-GB) (2009-01-28). Dáta rochtana: 2023-04-06.
  5. "Sinn Féin agus Éire Aontaithe – ábhar machnaimh nó caisleán óir?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-06.
  6. Politicians condemn Derry pub assault RTE News, 21 September 2005

Naisc sheachtracha cuir in eagar