Der Steppenwolf
Úrscéal de chuid Hermann Hesse a foilsíodh sa bhliain 1927 is ea Der Steppenwolf. Beathaisnéis ceangailte le sruth samhlaíochta agus domhan-mhachnaimh ar fadhbanna an scríbhneora féin i rith a fhichidí atá ann. Is cuir síos é ar meoin an scríbhneora i leith an tsochaí chompórdach fhuarchráifeach dúnta a chuireann srianta ar saoirse an spioraid dár leis.
(de) Der Steppenwolf (sq) Ujku i stepës (ar) Di'b al-bawādī (ba) Estepako otsoa (bg) Stepnija valk (zh) Huangyuan lang (da) Steppeulven (nb) Steppeulven (et) Stepihunt (en) Steppenwolf (fi) Arosusi (fr) Le loup des steppes (el) O lykos tes stepas (he) Ze'ēb hā'arābāh (it) Il lupo della steppa (ja) Kouya no ookami (ca) El llop estepari (ko) Hwangya-ui-iri (hr) Stepski vuk (sr) Stepski vuk (sh) Stepski vuk (lt) Stepių vilkas (lv) Stepes vilks (mk) Stepskiot volk (nl) De steppewolf (fa) Gurg-i biyābān (pl) Wilk stepowy (pt) O lobo da estepe (ro) Lupul de stepa (ru) Stepnoj volk (ka) Stepnoj volk (sv) Stäppvargen (sl) Stepni volk (sk) Stepný vlk (es) El lobo estepario (th) Sateppēnwun (cs) Stepní vlk (tr) Bozkırkurdu (uk) Stepovyj vovk (hu) A pusztai farkas (vi) Lê Chu Cãu ḍich | |
---|---|
Cineál | saothar liteartha |
Cárta innéacs | |
Údar | Hermann Hesse |
Teanga | an Ghearmáinis |
Foilseachán | an Eilvéis agus an Ghearmáin, 1927 |
Dáta a bunaíodh | 1924 ↔ 1927 |
Tréith | |
Príomhábhar | féiniúlacht phearsanta |
Seánra | ficsean fealsúnach |
Gluaiseacht | eiseachas |
Cuid den tsraith | |
Eile | |
Uimhir OCLC | 229130140 |
An Scéal
cuir in eagarIs intleachtach ag teannadh ar a chaogadú lá bhreithe é Harry Haller. Cuirtear ar an eolas muid ar an deighilt intinne atá aige trí chuir síos i gcáipéis a thagann sé air de thimpiste ag tús an leabhair. Léirítear an coimhlint buan idir an daonnacht mar ghrá, oiliúint agus ealaíon agus an brúidiúlacht i bhfoirm an mac tíre, ina shaol.
De dheasca an coimhlint seo ní féidir leis gnáthchaidrimh a bheith aige leis an saol agus fásann fuath ann i leith an saol éadrom thart air. Sé toradh na mothúcháin seo ná go bheartaíonn sé lámh a chuir ina bhás fhéin ar a chaogadú bhreithlá atá ag teannadh air. Oíche chinniúnach amháin agus é ag taistil thart na cathrach ó theach ósta amháin go tithe ósta eile, tar éis teipeadh air i gcaidrimh sóisialta a bhí aige i dteach seanchara leis agus a bhean siúd, buaileann sé le bean óg air a thugann sé Erminne. Diaidh ar ndiaidh agus iad ag cómhrá, braitheann sé go bhfuil tuiscint ag an mbean óg seo dó.
Deireann sí go meallfaidh sí é agus ag deireadh go mbéidh air í a mharú. Cuireann sí saol úrnua ar fáil dó agus í ag múineadh damhsa dó agus é dá réitiú le haghaidh cruinniú rinceoirí ollmhór. Cuireann sí bean ar fáil dó a athmhúsclaíonn a shuim sa ghrá. Bíonn rithim na fichidí san Eoraip, mar a rinne Scott FitzGerald chuir síos ar le bhraith sa chuid seo den úrscéal. Is léir go bhfuil an Steppenwolf ag feidhmiú anois ar leibhéal difriúil ar fad.
Tagann oíche an damhsa mór. Bíonn Harry ann agus faoi dheireadh meallann Erminne, atá gléasta mar bhuachaill, é. Ag deireadh na h'oíche is léir go dtógann sé drugaí de shaghas éigin agus seolann sé isteach i mbrionglóid, áit a thiteann neart eachtraí fantaisíochta amach dó, ach a bhfuil baint acu beag nó mór lena chuid coimhlinte féin. Ag dúiseacht dó as an mbrionglóid feictear dó Erminne sínte i lámha an ceoltóra a thug na drugaí dó. Tá marc beag ar a h'ucht. Beireann sé greim ar scian agus sáinn sé í sa h'ucht. Seo í comhlíonadh thuar Erminne.
Tá neart téamanna sa leabhar seo agus is leabhar casta é. Léirítear dúinn ceann de mhórthéama Hesse anseo. Sin é an coimhlint buan, dár leis, idir an bunús ainmhitheach ar thaobh amháin sa duine daonna agus an neach bainteach leis an daonnacht agus rudaí ardnósacha ar an taobh eile.