Dlí Jante
Is éard is Dlí Jante (Ioruais agus Danmhairgis: janteloven, Sualainnis: jantelagen) ann ná "dlí neamhscríofa" na bpobal beag cúngaigeanta mar a chuir an scríbhneoir Danmhargach-Ioruach Aksel Sandemose i bhfocail é ina úrscéal En flyktning krysser sitt spor. Is gnách "Dlí Jante" a thuiscint mar chuid de chultúr Chríoch Lochlann, ach is féidir an chiall a bhaint as gur cuid de nádúr an duine ar fud an domhain é cloí le Dlí Jante.
Is é "Jante" an t-ainm a bhaist Sandemose ar a chathair dhúchais féin, Nykøbing-Mors, san úrscéal. Inniu, úsáidtear an téarma sin "dlí Jante" mar théarma socheolaíochta idirnáisiúnta.
Dlí Jante
cuir in eagarDlí Jante:
- 1) Ná síl gur duine as an ngnáth thú.
- 2) Ná síl go bhfuil tú ar aon leibhéal linne.
- 3) Ná síl go bhfuil tú níos cliste ná sinne.
- 4) Ná bí ag áitiú ort féin go bhfuil tú níos fearr ná sinne.
- 5) Ná síl go bhfuil tú níos eolaí ná sinne.
- 6) Ná síl go bhfuil tú níos tábhachtaí ná sinne.
- 7) Ná síl go bhfuil tú ábalta ar a dhath.
- 8) Ná bí ag gáire fúinne.
- 9) Ná síl gur cás ar aon duine eile do chás-sa.
- 10) Ná síl gur féidir leat a dhath a mhúineadh dúinne.
An duine nach gcloíonn leis na rialacha seo, gearrfar pionós dó de réir an aonú mír déag, is é sin:
- 11) Ná síl nach eol dúinn a lán fútsa.