Dlí an Gháis Idéalaigh

Is éard is Dlí an Gháis Idéalaigh ann ná an chothromóid stáide do ghás hipitéiseach idéalach. Is neasúcháin maith é ar iompar go leor gás faoi choinníollacha éagsúla, cé go bhfuil roinnt teorainneacha ag baint leis. Ba é Émile Clapeyron a mhaígh é den chéad uair, sa bhliain 1834, mar chomhcheangal de dhlí Boyle, dlí Charles agus Dlí Avogadro.

Isoiteirmeacha de ghás idéalach. Is ionann na línte cuartha agus an gaol idir brú (ar an y-ais ingearac) agus toirt (ar an x-ais cothrománach) do ghás idéalach ag teochtaí difriúla. Seasann na línte atá níos faide ar shiúl ón bhun-ais (is é sin, na línte atá níos cóngaraí do chúinne na láimhe deise ar bharr an léaráid) do theochtaí níos airde.

Is minic é a bheith scríofa mar.:

  

i gcás ina seasann na litreacha i gcomhair brú, toirte, méid (na mól), gástairisigh agus teochta faoi seach.

Is féidir é a dhíorthú freisin, go micreascópúil, ó teoiric chinéiteach, mar a baineadh amach (is cosúil go neamhspleách) ag August Krönig sa bhliain 1856 agus Rudolf Clausius sa bhliain 1857.