Teoiric chinéiteach na ngás
Teoiric chlasaiceach na ngás, ina nglactar leis an gás mar bhailiúchán de cháithníní comhionanna. Géilleann siad do dhlíthe meicnice Newton, agus déanann imbhuailtí leaisteacha le chéile is le ballaí an tsoithigh iata ina bhfuil siad. Trí dhlíthe na meicnice a chur ag obair, chomh maith le staitistic, is féidir gaolta idir gluaisní na gcáithníní is airíonna teirmidinimiciúla toirte an gháis (brú, teocht is eile) a dhíorthú.[1][2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Teoiric chinéiteach na ngás". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 658.
- ↑ ““teoiric chinéiteach na ngás” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-28.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |