Doire Saor
Ba cheantar féinrialaitheach é Doire Saor (Béarla: Free Derry) i nDoire Cholmcille, idir 1969 agus 1972. Chruthaigh daoine ó Thaobh an Phortaigh, an Creagán agus an Seantalamh baracáidí ar na sráideanna timpeall an cheantair. Níor thug siad cead don R.U.C nó Arm na Breataine dul isteach sa cheantar.[1]
Tugadh an t-ainm Free Derry ar an áit, nuair a scríobh duine "You Are Now Entering Free Derry" ar bhalla bhinn i dTaobh an Phortaigh. Phéinteáil an mana don chéad uair i mí Eanáir 1969 (cúinne, Bóthar Lecky agus Sráid Fahan).
Cúlra
cuir in eagarI ndeireadh na seascaidí, thosaigh feachtas ar son cearta vótála agus tithíochta sa chathair. Rinne Rialtas na Sé gContaetha iarracht an ghluaiseacht cearta sibhialta a chur faoi chois le lámh láidir. Ach d'eascair feachtas fuilteach as an iarracht sin.
Dúnadh ceantair iomlána sa chathair agus bhí círéibeacha fuilteacha ann ón mbliain 1968 i leith.
Imeachtaí
cuir in eagar1969
cuir in eagarÓn 12 Lúnasa go dtí an 14 Lúnasa 1969, bhí ina chogadh dearg idir péas Dhoire agus na náisiúnaithe áitiúla - "Cath Thaobh an Bhogaigh", mar a thugtar air.
- [2] I ndiaidh dhá lá achrainn agus scliúchas, cuireadh saighdiúirí Briotanacha i nDoire chun riail agus reacht a chaomhnú ag 5pm ar 14 Lúnasa.
I mí Lúnasa, mar chuid den 'Ráiteas Downing Street', gheall rialtas na Breataine athleasuithe.[3][4]
Is minic a deir na hAontachtóirí gurbh í gluaiseacht na gceart sibhialta a chuir tús leis na Trioblóidí. Is é a mbarúil-san gur chuir an feachtas an rialtas ag guagaíl, ionas go ndeachaigh na dreamanna paraimíleata sa bhearna a hosclaíodh. Tá na náisiúnaithe den tuairim, áfach, nach raibh i gceist le feachtas na gceart sibhialta ná rudaí a tharraing rialtas seicteach an Tuaiscirt anuas air féin.
1971
cuir in eagarAr 8 Iúil 1971, mharaigh Arm na Breataine beirt fhear óg, Séamas Cusack agus Desmond Beattie, i nDoire. Ba chor cinniúnach é le linn na dTrioblóidí; chaill an pobal muinín san arm timpeall an ama seo.[5]
Tharraing an SDLP as Stormont ar 14 Iúil. Tugadh an t-imtheorannú isteach cúpla seachtain níos déanaí, ar an 9 Lúnasa 1971 (fiosrúchán neamhoifigiúil).[6]
1972
cuir in eagarRinne Arm na Breataine ionradh ar Thaobh an Bhogaigh, an príomhcheantar Caitliceach, ar an 31 Iúil 1972, mar chuid den Operation Motorman[7] agus tháinig deireadh le Doire Saor.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Anraoi Mac Cuarta, hAnraoi Mac Cuarta (1973). "Saor-Dhoire" (as en). Comhar 32 (11): 4. doi: .
- ↑ "British Troops in Bogside, Derry" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2019-08-14.
- ↑ "The Downing Street Declaration (August 1969) - Violence in 1969: Causes, events and responses - CCEA - GCSE History Revision - CCEA" (en-GB). BBC Bitesize. Dáta rochtana: 2021-07-08.
- ↑ "Joint Declaration of August 1969-Downing St Declaration" (1988). Études irlandaises 13 (1): 180–180.
- ↑ Seamus McKinney. "Cusack and Beattie killings were Troubles' milestone" (en). The Irish News. Dáta rochtana: 2021-07-08.
- ↑ "CAIN: Events: Lord Gifford (1971) Inquiry into the Circumstances Surrounding the Deaths of Seamus Cusack and George Desmond Beattie.". cain.ulster.ac.uk. Dáta rochtana: 2021-07-08.
- ↑ "Operation Motorman" (as en) (2021-01-06). Wikipedia.