Bhí €115 milliún buaite ag Dolores McNamara i 2005 sa chrannchur Euromillions.

Infotaula de personaDolores McNamara
Beathaisnéis
Breith1960
63/64 bliana d'aois

Ar an 31ú Iúil, 2005 cheannaigh sí ticéad Euromillions i siopa Spar i nGarraí Eoin agus bhí sí ag ól le roinnt dá cairde i dtigh tábhairne Tobin’s taobh dorais nuair a chonaic sí a huimhreacha ar an teilifís. Bhí €115 milliún buaite aici, an duais is mó riamh sa chrannchur.

Saol cuir in eagar

Rugadh Dolores McNamara i mBlackpool, Lancashire, Sasana, ar an 13ú Eanáir, 1960 ach d’fhás sí suas i nGarraí Eoin i gcathair Luimnigh, áit in a bhfuil sí fós ina cónaí.