Éigniú Gisèle Pelicot
Éigníodh Gisèle Pelicot, bean Fhrancach a rugadh ar an 7 Nollaig 1952, go rialta idir 2011-2020. Ar an 19 Nollaig 2024, i gcúirt in Avignon sa Fhrainc, gearradh fiche bliain príosúin ar Dominique Pelicot, a fear chéile. Thug sé drugaí dá bhean le go bhféadfadh sé féin agus 72 fear eile, ar thug sé cuireadh dóibh, í a éigniú ina teach cónaithe i mbaile Mazan, i ndeisceart na Fraince, thar tréimhse deich mbliana.[1][2]
| ||||
Cineál | triail cás coiriúil | |||
---|---|---|---|---|
Tréimhse | Iúil 2011 - Deireadh Fómhair 2020 | |||
Suíomh | Mazan, An Fhrainc | |||
Tír | an Fhrainc | |||
Íospartach | Gisèle Pelicot | |||
Cosantóir | ||||
Cúiseamh | aggravated rape (en) | |||
Cóir
cuir in eagarPhléadáil Dominique Pelicot, 72 bliain d'aois in 2024, ciontach i ndrugaí éagsúla a thabhairt do Gisèle Pelicot i ngan fhios di agus ina héigniú nuair a bhí sí i dtámhnéal. Phéadáil sé ciontach freisin i gcuireadh a thabhairt ar an idirlíon d'fhir eile teacht chuig a dteach cónaithe d'fhonn í a éigniú.
Mar leis na fir eile sin, ciontaíodh 47 acu in éigniú, beirt acu in iarracht ar éigniú agus beirt eile in ionsaí gnéasach. Téarmaí príosúin idir trí bliana agus cúig bliana déag a gearradh ar na ciontóirí. Mhaígh cuid acu sa triail gur chreid siad gur 'cluiche collaíochta' a bhí san éigniú agus gur le lánchead na mná a bhí siad ag glacadh páirte ann. Bhí duine na fir ar a theitheadh agus ciontaíodh é in absentia.[2]
Bhí an t-ádh ar 23 fear eile. Ní raibh na póilíní in ann teacht orthu riamh (gan uimhir ghutháin nó drochíomhá srl)..
Iarmhairtí
cuir in eagarTaobh amuigh den chúirt ar an 19 Nollaig 2024, dúirt Gisèle Pelicot gur mhór an crá croí an triail. Ghabh sí buíochas le gach duine a thacaigh léi ó tháinig an cás chun solais. Dúirt sí freisin nach raibh aon aiféala uirthi gur éisteadh an triail os comhair an tsaoil.[2]
In Éirinn
cuir in eagarTharla cás den chineál céanna in Éirinn sa bhliain 2018. Sa bhliain 2022, bhí 15 mí príosúin curtha ar iarfhostaí de chuid Raidió na Gaeltachta as ionsaí gnéasach a dhéanamh ar bhean a bhí ina codladh in 2018. Ciontaíodh sa Phríomh-Chúirt Choiriúil Mícheál Ó Leidhin, 38 ag an am, a bhí ina chomhfhreagraí polaitíochta le Raidió na Gaeltachta i dTeach Laighean. Dúirt an t-íospartach gur ionsaíodh í nuair a bhí sí ina codladh agus gur ionsaí ar a corp, a hintinn, a tuiscint uirthi féin agus an tuiscint go raibh sí sábháilte sa saol seo.[3]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Nuacht a hAon, RnaG (2024-12-19). "John Maguire, Iriseoir atá lonnaithe i bPáras." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-12-19.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Nuacht RTÉ (2024-12-19). "Gisèle Pelicot: 47 fear ciontaithe ina héigniú agus í i dtámh" (as ga-IE).
- ↑ "15 mí príosúin curtha ar iarfhostaí de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta as ionsaí gnéasach" (ga-IE). Tuairisc.ie (2022-07-26). Dáta rochtana: 2024-12-20.