Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
Is ollscoil atá suite i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath í Ollscoil Chathair Átha Cliath nó OCBÁC[1] (Béarla: Dublin City University nó DCU). Freastalaíonn thart ar 10,000 mac léinn uirthi. Is é uachtarán na hollscoile an tOllamh Ferdinand von Prondzyski.
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | ollscoil phoiblí | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 1975 | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Ball de | Cumann Eorpach na nOllscoileanna An Chomhghuaillíocht um Chur Chun Cinn an Mheasúnaithe Taighde International Council for Open and Distance Education (en) International Association of Universities (en) International Federation of Library Associations and Institutions (en) YERUN ORCID European Consortium of Innovative Universities (en) | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Suíomh gréasáin | dcu.ie | ||||
Stair
cuir in eagarCruthaíodh an institiúid in 1975;[2],ar 18 Meitheamh 1975 toghadh an Dr Danny O'Hare mar stiúrthóir.
Tháinig na chéad mic léinn isteach i 1980. Bunaíodh an ollscoil in 1980 faoin ainm An Foras Náisiúnta um Ard-Oideachas, Baile Átha Cliath nó National Institute for Higher Education, Dublin (NIHE) as Béarla, mar chuid den Fhoras Náisiúnta um Ard-Oideachas, in éineacht le hinstitiúid eile i Luimneach. Tugadh stádas ollscoile di in 1989 agus athbhaisteadh í.
Áiseanna
cuir in eagarTá leabharlann, lárionad taighde agus innealtóireachta, stiúideonna teilifíse agus fuaime, saotharlanna ríomhaireachta, saotharlanna teanga agus ateangaireachta, rannóg físchomhdhála, saotharlanna cló agus grafaicí ann. Chomh maith leis sin tá trí bhialann, ionad na mac léinn (The Hub) agus lóistín ar champas do 1,000 mac léinn. Tá ionad The Helix ann ón mbliain 2002.
Mhaoinigh Tony O'Reilly an John and Aileen O`Reilly Library san Ollscoil.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ nó 'Ollscoil Chathair Átha Cliath'
- ↑ "Discovering DCU | DCU". web.archive.org (2013-06-10). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-06-10. Dáta rochtana: 2023-04-19.