Tony O'Reilly

fear gnó agus imreoir rugbaí Éireannach

Fiontraí, piarda mór de chuid na nuachtán agus iarimreoir rugbaí ba ea Tony O'Reilly (7 Bealtaine 193618 Bealtaine 2024)[1] nó an Ridire Anthony Joseph Francis O’Reilly.[2] Bhronn Ollscoil Bradford Ph.D ar O'Reilly sa mhargaíocht talmhaíochta in 1980, agus tugadh "Dr. Tony O'Reilly" go minic air i ndiaidh sin. Ba fear é a raibh mianach na fiontraíochta ann agus brá gill aige dá bharr, nó sin a chreid an pobal. Ní raibh sé chomh maith agus a bhíodh sé i gcúrsaí gnó sna 2000-20idí.

Infotaula de personaTony O'Reilly

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith7 Bealtaine 1936
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás18 Bealtaine 2024
88 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Cathaoirleach H. J. Heinz Company (en) Aistrigh
1987 – 2000
Príomhoifigeach feidhmiúcháin H. J. Heinz Company (en) Aistrigh
1979 – 1998 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Ollscoil Bradford
Coláiste Belvedere Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmdlíodóir (1958–), duine den lucht gnó, imreoir sacair, imreoir rugbaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1954 –  2024
Spórtrugbaí aontais
sacar Cuir in eagar ar Wikidata
Ionad ar an bhfoireann / speisialtachtCentre (en) Aistrigh
Gníomhréim
  Foireann enllaç= enllaç=
Barbarian FC (en) Aistrigh
London Irish RFC (en) Aistrigh
Leinster Rugby (en) Aistrigh
Leicester Tigers (en) Aistrigh
British & Irish Lions (en) Aistrigh
1955–1970 Foireann rugbaí náisiúnta na hÉireann (12) Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileChryss Goulandris (1991–2023), bás a c(h)éile Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Bhí cáil air freisin as a chuid daonchairdis agus roimhe sin mar imreoir le foireann rugbaí na hÉireann idir 1955 agus 1970.[3]

D'éirigh O'Reilly ina Uachtarán ar H. J. Heinz Company[4] sna Stáit Aontaithe in 1973, agus ansin ina chathaoirleach domhanda ar an ollchomhlach bia. Bhí air dul faoi shúistí na scairshealbhóirí agus éirí as in 1998.

Cheannaigh Tony O’Reilly an Independent (INM)[5] sa bhliain 1973. Fuair sé réidh leis an dearcadh coimeádach, an meon ‘déanfaidh-sé-cúis’ a bhí ann, spreag sé iomaíocht agus leag sé struchtúr gnó a bhfuil a rian fós le feiceáil go dtí an lá inniu ann. Ba é an Independent an custaiméir ba mhó fógraíocht ag RTÉ  ar feadh na mblianta. Ansin thriail O’Reilly é féin Scéala Éireann a cheannach, ach cuireadh srian air de bharr rialacha iomaíochta.[6] Bhí níos mó ná 70% de na meáin chlóite faoi smacht Nuachtáin an Independent agus O’Reilly tráth dá raibh agus níor thug nuachtáin O’Reilly aon aird ar an Ghaeilge, beag ná mór, nuair a bhí sé ar an stiúir.[7] Dúirt O’Reilly tráth go bhféadfadh bearna a bheith sa mhargadh ach nach gá go gciallódh sé sin go mbeadh margadh sa bhearna.[8]

Bhí O'Reilly ina stiúrthóir ar an nGrúpa INM ó 1973 go dtí 2009, nuair a d'éirigh sé as mar phríomhfheidhmeannach. Bhí fáilte curtha ag duine de mhórscairshealbhóirí an chomhlachta, Denis O'Brien, roimh an scéal ag an am.[9]

Bhunaigh Tony O’Reilly an comhlacht ola Atlantic Resources, níos déanaí Providence Resources, in 1991. Dhíol sé a leas mionlaigh sa chomhlacht in 2019. Arís is arís eile, bhí an comhlacht ag iarraidh comhpháirtí a mhealladh le dul i mbun druileála sa bhfarraige amach ó chósta na hÉireann.[10]

Ba é an scairshealbhóir ba mhó, lena bhean, i gcomhlacht Waterford Wedgewood é ach bhain caillteanais ollmhóra dóibh sna 2000idí.

Thosaigh cluiche mór á imirt ag na O’Reillys sna 2000idí in iarracht na céadta milliún euro a bhí caillte acu ar Independent Newspapers agus Waterford Glass i measc tograí eile le blianta anuas, d’fháil ar ais. Bhí ráflaí á scaipeadh fúthu go minic go raibh ola faighte acu amach ó chósta na hÉireann.[11]

Bancbhriste in 2014-16,[12] b'éigean do O'Reilly díolachán práinne a eagrú. In 2015, creidtear gur dhíol sé pictiúr le Jack B. Yeats de shaor báid as Carna ag ceant i Londain ar €600,000.[13]

Daonchairdeas

cuir in eagar

Bhí aithne ar O'Reilly mar dhuine de bhunaitheoirí an Ireland Fund, i dteannta Dan Rooney - fundúireacht a threoirigh luach na gcéadta milliúin i dtreo carthanais agus an próiseas síochána in Éirinn.[14]

Mhaoinigh Tony O'Reilly an John and Aileen O`Reilly Library in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, O'Reilly Hall i gColáiste na hOllscoile, BÁC agus O'Reilly Theater in Pittsburgh, Pennsylvania.

 
Croithlí i nGaeltacht Thír Chonaill

Ag deireadh na 1940idí, chaith an Raghallach ar a laghad bliain sa scoil i dTor gar do Chroithlí i nGaeltacht Thír Chonaill. Bhí a thuismitheoirí ag iarraidh go mbeadh Gaeilge ar a thoil aige, rud a bhí riachtanach ag an am dá mba mhian leat post a fháil sa státseirbhís. Bhí a athair, John O’Reilly, ag obair mar ard-chigire sa tseirbhís custaim ag an am agus bheartaigh sé a mhac a bhogadh ó Choláiste Belvedere i lár na hardchathrach go ceann de na háiteanna ba iargúlta sa tír ag an am. Fuair an Raghallach óg scoláireacht le híoc as a thréimhse i dTor.[15]

Cceapadh an Raghallach ar Chomhlacht Comhairleach na Gaeilge, a bunaíodh mar thoradh ar Pháipéar Bán an Rialtais in 1965 (ina réamhtheachta do Chomhairle na Gaeilge a rinne obair mhór taighde i ndeireadh na 1960idí).[15]

Ní fios an raibh rath ar an oideachas Gaeltachta a fuair sé ar a chumas cainte i nGaeilge. Má bhí, is cinnte gur beag leas a bhain an Raghallach as an teanga sa saol poiblí níos déanaí.[15]

Phós O'Reilly Susan M Cameron, banoidhre Astrálach, in 1962.[16] Bhí seisear clainne orthu.

Phós O'Reilly (55 ag an am) Chryss Goulandris (41 ag an am), banoidhre Meiriceánach, sna Bahámaí in 1991. Sna 2010idí, bhí siad ina gcónaí i gcaisleán sa Fhrainc.[17][18] Tháinig ailse chíche ar Goulandris ach fuair sí bás tobann mar sin féin in 2023, faoi chúinsí nár soiléiríodh, agus gan léiroidhrí seachas Tony O'Reilly, b'fhéidir.

Bhásaigh Tony O'Reilly in aois a ocht mbliana agus ceithre scór ar an 18 Bealtaine 2024. Ina aitheasc i Séipéal an Chroí Rónaofa i nDomhnach Broc, thug an tAthar Bruce Bradley le fios nach raibh náire riamh ar Tony O'Reilly faoin gcreideamh a bhí aige.[3][19]

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  • Clár faisnéise RTÉ uair an chloig, "Tony O’Reilly: The Real Deal",[12] 2015 (bronnadh Bonn Cré-Umha ag Gradaim Teilifíse & Scannánaíochta Fhéile Nua-Eabhrac ar David Murphy, Eagarthóir Gnó RTÉ, mar gheall ar an gclár).[20]
  1. "Tony O’Reilly | Biography & Facts | Britannica" (en). www.britannica.com (2024-04-22). Dáta rochtana: 2024-05-19.
  2. Antain Mac Lochlainn (4 Samhain 2015). "A dhaoine uaisle agus a chairde Gael, ní húdar mór áthais dom glacadh leis an teideal seo…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-19.
  3. 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2024-05-23). "Sochraid an fhir ghnó Tony O'Reilly i mBaile Átha Cliath" (as ga-IE). 
  4. "Heinz" (as en) (2024-05-10). Wikipedia. 
  5. Independent News & Media Group (INM)
  6. Sean Ó Mainnín (Bealtaine 28 2015). "Deireadh Scéala Éireann: bás mall a d’fhéadfaí a sheachaint" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-19.
  7. "Meáin chumarsáide neamhspleácha i mbaol" (ga-IE). Beo! (2001). Dáta rochtana: 2024-05-19.
  8. Breandán Delap (D.F. 2008). "Margadh deacair na bhfoilseachán Gaeilge" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-05-19.
  9. RTÉ (2009-03-13). "Cinnlínte Nuachta" (as ga-IE). 
  10. "Súil le 550 milliún bairille ola amach ó na Blascaodaí i gCiarraí" (ga-IE). Tuairisc.ie (2017-05-09). Dáta rochtana: 2024-05-19.
  11. Conall Ó Móráin (2012). "Gaelscéal - An bhfuil go leor ola ag Éirinn nó an bhfuil cleasaíocht ar bun chun sciarshealbhóirí a choinneáil sásta?". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-09-29. Dáta rochtana: 2024-05-19.
  12. 12.0 12.1 RTÉ (2014-10-31). "Tony O’Reilly – The Real Deal | RTÉ One". 
  13. Seán Tadhg Ó Gairbhí (25 Samhain 2015). "Pictiúr d’fhear as Carna díolta ar €600,000 ag ceant i Londain" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-19.
  14. Nuacht RTÉ (2017-04-14). "Ómós d'iar-Ambasadóir Stáit Aontaithe Mheiriceá go hÉireann" (as ga). 
  15. 15.0 15.1 15.2 "Tréimhse Tony O’Reilly sa Ghaeltacht" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-05-21). Dáta rochtana: 2024-05-21.
  16. Físeán - Cartlann RTÉ. "Tony O'Reilly And Susan M Cameron Marry" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2024-05-19.
  17. Normandy Then and Now (2016-01-16). "The very private castle of William the Conqueror, at Bonneville-sur-Touques" (en-US). Normandy Then and Now. Dáta rochtana: 2024-05-19.
  18. "Château des Ducs de Normandie · 31 D288, 14800 Bonneville-sur-Touques, France" (en). Château des Ducs de Normandie · 31 D288, 14800 Bonneville-sur-Touques, France. Dáta rochtana: 2024-05-19.
  19. "Tony O’Reilly was a ‘true Irish legend’, funeral told" (en-GB). Kildare Nationalist (2024-05-23). Dáta rochtana: 2024-05-23.
  20. RTÉ (2016). "Tuarascáil Bhliantúil & Ráitis Airgeadais an Ghrúpa RTÉ". Dáta rochtana: 2024.