Is í an Dungáinis (Dungáinis: Хуэйзў йүян) an chanúint Sínise a labhraíonn na Dungánaigh, mionlach eitneach sa Chirgeastáin agus sa Chasacstáin. Moslamaigh iad na Dungánaigh, agus baint acu leis an dream eitneach ar a dtugtar Hui nó Huihui (回回) sa tSín féin. Is ionann a dteanga go bunúsach agus an cineál Sínise a labhraitear i gcúigí Gansu agus Shaanxi sa tSín, ach is fearr a rá gur teanga ar leith í, ós rud é go bhfuil caighdeán dá gcuid féin acu nach n-úsáideann na litreacha Síneacha ar aon nós. A mhalairt ar fad tá scríbhneoireacht na Dungáinise bunaithe ar an aibítir Choireallach, agus is í an chanúint áitiúil, seachas caighdeán Beijing, is bunús do norm na Dungáinise. Is léir go bhfuair an Dungáinis a lán focail iasachta ón Rúisis agus ó na teangacha Tuircice.

Infotaula de llenguaAn Dungáinis
Cineálteanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais41,400 (2001)
Dúchasach doChuy Region (en) Aistrigh, Bishkek, Osh, Osh Region (en) Aistrigh agus Jambyl Region (en) Aistrigh
Stáitan Chasacstáin agus an Chirgeastáin
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Sín-Astrainéiseacha
teangacha Sín-Tibéadacha
An tSínis
an Mhandairínis
Central Plains Mandarin (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaAibítir Choireallach
Leibhéal leochaileachta3 cinnte i mbaol
Cóid
ISO 639-3dng
Glottologdung1253
Ethnologuedng
UNESCO1670
IETFdng
Endangered languages4096

Tá traidisiún scríbhneoireachta ag na Dungánaigh, agus ba é Yasyr Shyvazy (Ясыр Шывазы) an file náisiúnta. Rugadh sa bhliain 1906 é, agus fuair sé bás sa bhliain 1988.

Tá an teanga ó dhúchas ag daichead míle duine, a bheag nó a mhór.