EIPIC

sraith theilifíse ar TG4

Sraith dráma Gaeilge atá á chraoladh ar TG4 ó 1 Feabhra 2016 ar aghaidh é EIPIC.

Infotaula de sèrie de televisióEIPIC
TírÉire
Bunteangaan Ghaeilge
Bealach teilifíseTG4
An chéad eipeasóid2016
Líon séasúr1
Líon eipeasóidí6
Tuilleadh eolais
IMDB: tt5447862 Cuir in eagar ar Wikidata

Carachtair cuir in eagar

Carachtair Aisteoir Eipeasóidí Notáí
Sully Fionn Foley 6 Cailleadh máthair Sully nuair a bhí sé ceithre bliain d’aois, agus ó shin i leith tá sé ag bá i bhfarraige mór an testosterone. D’fhéadfá a rá go raibh an tógaint a fuair sé ar nós meascán éagsúil do Lord of the Flies agus Oz de chuid HBO. Cé go bhfuil anam fíor-mhothálach aige, tá an teasaíocht go smior ann freisin, agus glacadh leis dá réir sin go leanfadh sé a dheartháireacha ar bhóthar na h-aimhleasta. Nuair a baintear carr Airt Mac Fhearraigh ó chéile, glactar leis freisin go forleathan gurb é Sully ba chúis leis an eachtra. Bréan, breoite de chlaontacht an bhaile, gan trácht ar chéastóireacht a dheartháireacha ina choinne, tapaíonn Sully a dheis nuair a fheiceann sé comórtas físeáin ceoil ar an suíomh hipstéireach SLUASAID.
Mona Róisín Ní Cheilleachair 6 Cé gur bláithín leochaileach í Mona, is sárcheoltóir í freisin. Níl sí ag brath ar an gcomórtas seo don cháil ná don kudos. Tá a croí go fírinneach ins an gceol agus…bhuel, tá a croí i Sully freisin. Tá sí ag caitheamh súil air le tamall anuas. Ach dá mhéid cumas atá ag Mona, tá sí dhá oiread sin cúthaileach. Le gach aon fhíseán atá curtha ina airde aici, clúdaíonn sí a h-éadan. Ach cén fáth an náire ar fad? Seans go bhfuil baint éigint aige lena máthair Clare. Bhí Mona aici nuair a bhí sí ar chomh-aois lena h-iníon. Agus ó thaobh na h-aibíochta dhe, d’fhan sí ag an aois sin. Máthair ghlúin X gan náire í a chreideann go bhfuil sí in ann dúidín a chaitheamh lena h-iníon. Agus, gan dabht, cuireann an iompar seo déistin ar Mhona.
Oisín Cian Ó Baoill 6 Ar bharr an dréimire i gcónaí, é acadúil, dathúil agus gáire scairteach aige, níl an misneach ar iarraidh ar Oisín. Gan dabht, de réir Oisín féin, níl faic na ngrást mícheart leis…’ siad gach éinne eile mórthimpeall air atá fuckáilte. Tá sé ar tí mála gliú a shlogadh leis an leadrán sa bhaile beag Dobhar, áit ar bhog a thuismitheoirí le gairid n’fhaid agus a bhí sé féin ag freastal ar scoil chónaithe. An rud is fearr leis chun an leadrán a chur ó dhorais ná pranks a chrochadh ar Youtube agus an samhradh seo, beartaíonn sé imeacht ar scrios agus anró i nDobhair. Bíodh is go mbeadh sé féin agus Sully ina namhaid nádúrtha, bláthaíonn cairdeas eatarthu gan ró-mhoill. Ach seans go mbeadh an cairdeas seo i mbaol dá dtiocfadh an fhírinne amach faoi cé a bhain carr athair Oisín ó chéile. Tá Oisín lúcháireach, fiáin, ach uaireanta téann sé go pointe an ainriail lena chuid ragairne. Agus tá sé thar a bheith áisiúil ar Final Cut freisin.
Bea Fionnuala Gygax 6 Cé go ndéanann na carachtéirí eile céiliúradh ar neamhspleáchas an déagóra, ní maith le Bea rudaí a dhéanamh di féin. Bíonn súil aici le gach aon rud ar phláta ós a comhair. Ach tá an cailín fíor-chumasach seo róthógtha le clú agus cáil a bhaint amach agus ní bheadh stró ar bith uirthi dul i mbun ‘twerkála’. B’í Mona an cara is fearr a bhí aici ag fás aníos dóibh. Ach chomh luath agus a thosnaigh sí sa mheánscoil, d’iompaigh sí a cúl le Mona bhocht ar mhaithe leis na daoine faiseanta. Tá rún suarach ag Bea… anois agus an samhradh buailte linn, bíonn uirthi dul i mbun oibre i sceallaire a tuismitheoirí. Ní hé go gcuirfeadh sé seo isteach ná amach ar dhream s’againne ach tá caighdeáin áirithe ag Bea, tá ‘fhios agat. Oh, an náire! Carachtair greannmhar í atá chomh lán go barra di féin. Nuair a thagann na ceamaraí ar an mbaile, tagann mearbhall de shaghas uirthi, rud a chuireann a seasamh sa bhanna faoi bhagairt.
Aodh Daire Ó Muirí 6 Ní raibh mórán de shaol an déagóra aige siúd go dtí seo. Sách dona go bhfuair sé scolaíocht bhaile. Ach nuair nach raibh a athair féasógach, Aengus, ag múineadh a dhearcadh-sa ar chúrsaí staire dhó, is ar chamchuairt a bhí Aodh leis an mbanna ceoil teaghlaigh, Gaotha ar Fán. B’eisean an dóitín de leanbh ar an bhfliúit. Ach anois, tá a lá tagtha chun éirí amach i gcoinne é sin. Ach ná cuire a chuid soineantachta an dallamullóg ort. Ní haon amadán é. Nuair a bhíonn airgead ag teastáil ón mbanna chun na físeáin a mhaoiniú, ‘sé Aodh a bhaineann an lá amach. Tá athair Aodh ina chathaoirleach ar choiste chomóradh Éirí Amach an chéid agus tá siadsan lofa le h-airgead. Nuair a insíonn Aodh dá athair go bhfuil an banna ceoil tar éis ceoldhráma a scríobh ag comóradh saol Eoghan de Barra, tagann an maoiniú gan teip. Tá go maith ach tiocfaidh an lá go mbeidh air toradh na hoibre a nochtadh. Níl fios dá laghad ag an gcréatúr cé chomh mór is a bhainfí preab as ins an aistear eipiciúil seo. Stumpa na clainne, tá gach éinne – Oisín go speisialta – ar bís chun aire a thabhairt dó agus an saol i 2016 a chur in aithne dhó. Ach bí cúramach nach dtéann tú ró-ghar don imeall, a Aodh.
Terry Clive Geraghty 5
Niall Darren Killenn 4
Aengus Andrew Bennett 4
Art Peadar Fox 2
Clare Mímí Carroll 2
Rebelsound Cillia Ó Gairbhaí 2
Graham Kevin Murphy 2
Bean Maire Greaney Daly 2
Fintan Ste Murray 2
Gráinne Tara Flynn 1
Moll Dorothy Cotter 1
Ferhus Brendan Murray 1
Dáithí Fred McCloskey 1
Áine Dáirín Ní Dhonnchú 1
Maud Margaret Toomey 1
Tony Barry Keane 1
Wan 1 Rebecca Fisher 1
Wan 2 Niamh Ní Fhlatharta 1
Ceoltóir Micheál Ó Dubhghaill 1
Úinéir Oifig an Phoist Morgan Cooke 1
Fear Slandála Eoghan Mac Ghiolla Bhríghde 1
Garda Aoife Nic Fhearghusa 1

Eipeasóidí cuir in eagar

Uimhir # Eipeasóid Dáta craolta Lucht féachana
1 1 Sully 1 Feabhra, 2016
Nuair a chloiseann Sully faoi chomórtas físeáin cheoil ar líne, tapaíonn sé an deis chun éirí amach in éadan an leadráin ina bhaile dúchais, Dobhar.
2 2 Mona 11 Feabhra, 2016
Tá a gcéad fhíseán ceoil eisithe ag an mbanna agus is ar Mona a dhíreofar sa chlár seo. Cailín ciúin, lách agus rómánsaí amach is amach í Mona nach bhfuil suim aici i dada eile ach sa cheol agus b'fhéidir Sully!
3 3 Oisín 18 Feabhra, 2016
Tá an banna i mbaol titim as a chéile mar gheall nár éirigh leo sa gcomórtas ceoil. Beartaíonn Oisín cóisir mhór fhiáin a chaitheamh i dteach a mhuintire i lár an lae. Is é Sully an t-aon duine amháin nach bhfaigheann cuireadh ach téann sé ann le súil an triúr eile a mhealladh ar ais chuig an mbanna. Ach cailleann Oisín guaim air féin ag an gcóisir.
4 4 Bea 25 Feabhra, 2016
Agus físeán an bhanna anois imithe viral, tá Bea ag iarraidh an deis poiblíochta a thapú.
5 5 Aodh 3 Márta, 2016
Tá fonn dioltais anois ar athair Aodh agus tuiscint aige gur ghoid sé airgead ón gciste comóradh Eoghan de Barra.
6 6 Lán Stad 10 Márta, 2016

Amhráin cuir in eagar

  • Eip 1:
    • "A Town Called Malice" - Sully
    • "Disparate Youth" - Sully, Bea, Mona, Oisín & Aodh
  • Eip 2: "Seasons" - Mona
  • Eip 3: "This Must be the Place" - Oisín
  • Eip 4: "Frankly" - Bea
  • Eip 5:
    • "Love Will Tear Us Apart" - Aodh
    • "Video Girl" - Bea & Mona
  • Eip 6:

Tagairtí cuir in eagar