Brendan Murray

amhránaí Éireannach

Is amhránaí Éireannach é Brendan Murray (rugadh é ar an 16 Samhain 1996). Bhí sé ina bhall den bhanna ceoil HomeTown. Tháinig sé sa cúigiú háit ar an gcúigiú sraith déag The X Factor sa bhliain 2018.

Brendan Murray
Brendan Murray RedCarpet Kyiv 2017.jpg
Saol
Ainm iomlánBrendan Murray
Eolas breitheGaillimh, 16 Samhain 1996 (26 bliain d’aois)
NáisiúntachtÉire
Oideachas
Alma materSt. Jarlath's College (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmamhránaí agus cumadóir
BallraíochtHomeTown
Gluaiseacht ealaínepopcheol
Cineál guthameánsoprán
Uirlis cheoilceol gutha
Lipéad ceoilRCA Records
Discogs ID5698007
Instagrambrendanmurray96
Twitterbrendan_m96
Brendan Murray agus Hometown, 2015
Brendan Murray, 2015

GairmCuir in Eagar

2014-2016: HomeTownCuir in Eagar

Bhí Brendan ina bhall den ghrúpa HomeTown ó 2014 go 2016. D'eisigh siad a n-albam Hometown 20 Samhain 2015 agus fuair sé go uimhir a 4 in Éirinn. Chomh maith le sin, fuair a singlí "Where I Belong" agus "Cry For Help" go uimhir a 1 in Éirinn.

2017: Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíseCuir in Eagar

Fograiodh ag Louis Walsh ar The Late Late Show ar an 16 Nollaig 2016 go mbeadh Brendan in iomaíocht ar an gComórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2017. Roghnaíodh an t-amhrán "Dying to Try" dó. Tháinig sé sa 13ú háit ar an dara leathcheannais den Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2017 le 86 phointe.

Bhí sé ina aoi-mholtóir ar an gcéad leathcheannais den Junior Eurovision Éire 2017.

2018: The X FactorCuir in Eagar

Sa bhliain 2018, rinne Brendan triail don cúigiú sraith déag The X Factor. Chan sé an t-amhrán Ella Eyre "We Don't Have to Take Our Clothes Off". Chur Simon Cowell stop leis agus d'athraigh na moltóirí a amhrán go dtí an t-amhrán Kate Bush "This Woman's Work". Fuair sé ceithre Yesanna ó na moltóirí. Ainmníodh Louis Tomlinson mar mheantóir Murray. Ag an six chair challenge chan Murray an t-amhrán R.E.M. "Everybody Hurts" agus bhrúigh Tomlinson a bhonnán óir dó. Ag tithe na moltóirí chan Murray an t-amhrán Sinéad O'Connor "Nothing Compares 2 U" ag baint áit amach sna seónna beo. Don dara seó beo chan sé an t-amhrán Cher "Believe", ach bhí se sa bhunthriúr. Nuair a chan sé arís chan sé "High and Dry" agus vótáil Ayde Field agus Louis Tomlinson ar a shon le Simon Cowell agus Robbie Williams ag vótáil i gcoinne. Chuaigh an vóta go leathghlas agus sábháladh é. Ag an leathcheannais fuair Murray díbrithe ar an 24 Samhain 2018. Tháinig sé sa cúigiú háit .

DioscliostaCuir in Eagar

SinglíCuir in Eagar

Teideal Bliain Albam
"Dying to Try" 2017 Singil gan albam
"Way Too Fast" 2018

TagairtíCuir in Eagar

Roimh
Nicky Byrne
le "Sunlight"
Éire sa Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse
2017
Tar Éis
Ryan O'Shaughnessy
le "Together"