Séipéal meánaoiseach agus Séadchomhartha Náisiúnta i gContae Chill Mhantáin, in Éirinn, atá i bPáirc Achadhll. Ciallaíonn an logainm (Achadh Abhall) réimse úlla. Bhí sé ar cheann de na heaglaisí paróiste tuaithe ba mhó dá ré.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Eaglais Achadh Abhall
Íomhá
Sonraí
CineálEaglais
Tréith
Stíl ailtireachtaAiltireacht Rómhánúil
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinCúil Uí Chionaoith, Éire
Map
 52°46′04″N 6°37′14″W / 52.7678569°N 6.62043°W / 52.7678569; -6.62043
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir137
Eaglais Achadh Abhall

Stair cuir in eagar

Deirtear gur bhunaigh Naomh Finian, as Cluain Ioraird i gContae na hlarmhí, mainistir anseo sa 6ú céad.[1] Ni aon rian den chéad mhainistir sin fágtha. I lár an 12ú céad a tógadh an séipéal dronuilleogach cloiche atá ina sheasamh ar an láthair anois. Tá doras breá ar an taobh thiar a bhfuil lindéar comhréidh air agus múnláil Rómhánúil ar an taobh amuigh mar aon le áirse chruinn ar an taobh istigh. Sa dá fhuinneog bheaga ar an mbinn thoir tá múnlálacha cruinne húda agus colúin á dtacú ar an dá thaobh. Tá a macasamhail d'fhuinneog bheag ar an mballa ó thuaidh. Tá fuinneog eile go hard ar an mbinn thiar agus áirse rinneach uirthi. Tá beanna an tséipéil os cionn 10 méadar ar airde. Tá an chuid is mó den bhalla ó dheas atógtha. Tá sampla annamh de piscina Rómhánúil. Tá ardchros soladach gan aon mhaisiú ina seasamh ar bhonn pirimidiúil sa reilig. Tá umar nó trach eibhir in aice láimhe. Is féidir bloghanna eile cloiche a fheiceáil sa reilig, ina measc dhá bhonn croise agus iarsmaí crosleaca.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. James Graves (1883). "The Damhliag of Achadhabhall". The Journal of the Royal Historical and Archaeological Association of Ireland 6 (54): 72–85. ISSN 0790-6382.