Eaglais Chill Chomhghaill

Is séipéal meánaoiseach agus Séadchomhartha Náisiúnta i gCill Chomhghaill, Co. Chill Mhantáin, Éire í Eaglais Chill Chomhghaill, ar a dtugtar Sean Eaglais Chill Chomhghaill freisin.[1]

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Eaglais Chill Chomhghaill
Íomhá
Sonraí
CineálEaglais
Tiomnaithe doMuire
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinCill Chomhghaill, Éire
Map
 53°06′26″N 6°03′46″W / 53.1070889°N 6.0628039°W / 53.1070889; -6.0628039
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir267
Gníomhaíocht
DeoiseUnited Dioceses of Dublin and Glendalough (en) Aistrigh

Suíomh cuir in eagar

Tá Séipéal Chill Chomhghaill suite ar Lána Lott i lár shráidbhaile Chill Chomhghaill, 1.5 km (0.93 mhíle) siar ón gcladach. Ag 6°03′46″ siar, tá sé ar an gceann is faide soir de Shéadchomharthaí Náisiúnta Phoblacht na hÉireann.

Stair cuir in eagar

Tagann an t-ainm ón eaglais ó Naomh Comgall (ní an Comgall cáiliúil ó Bheannchar).[2] Tógadh an séipéal sa 12ú haois agus bhí sé tiomnaithe do Mhuire, máthair Íosa.

Cuireadh Thady Uí Bhroin as Baile Geanainn, ball sinsearach de chlann Uí Bhroin, ag Eaglais Chill Chomhghaill sa bhliain 1707.[3]

Eaglais cuir in eagar

Is struchtúr corp-eaglaise agus seangail é an séipéal. Is dócha go raibh díon cloiche claonta ar an seangail tráth, agus díon áiléir beag os cionn an tsaingeal. Tá cló baiste cearnach sa chorp, leac croise agus fuinneog bheag chinn chruinn sa bhalla theas.[4]

Cuireadh an chuid thiar den séipéal leis níos déanaí mar áit chónaithe le dhá stór.[5]

Tá tobar beannaithe suite 100 m (110 slat) soir ó thuaidh.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Ireland In Ruins: Old Kilcoole Church Co Wicklow”. Ireland in Ruins (16 October 2011). Dáta rochtana: 22 November 2020.
  2. Lonan - Manx Place-names, 1925”.
  3. Byrne-Rothwell (1 January 2010). “The Byrnes and the O'Byrnes”. House of Lochar.
  4. Patrick Comerford: Picking ripe blackberries in Kilcoole in the gap between summer and autumn”.
  5. Kilcoole Church - Wicklow County Tourism”.