Is i gContae Aontroma a rugadh Naomh ComhghallComgall (timpeall na bliana 510/520 – 597/602; b'fhéidir 516 - 602; Saint Comgall i mBéaral).[1] Ceiliúrtar a lá féile ar 10 Bealtaine.[2]

Infotaula de personaComhghall
Mosaic, Bangor harbour (2) - geograph.org.uk - 344038.jpg
Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breithc. 516 (Féilire Ghréagóra)
Contae Aontroma Cuir in eagar ar Wikidata
Bás10 Bealtaine 601
84/85 bliana d'aois
Beannchar, Contae an Dúin Cuir in eagar ar Wikidata
Ab Bangor Abbey (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Gníomhaíocht
Gairmduine rialta, ascetic (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinn de chuidFintan (en) Aistrigh, Finnian of Moville (en) Aistrigh, Mobhí (en) Aistrigh agus Naomh Ciarán
Exaltation (en) Aistrigh
Lá féile10 Bealtaine Cuir in eagar ar Wikidata

Tús a shaoilCuir in Eagar

Ba shaighdiúir a athair. Theastaigh uaidh go leanfadh a mhac an cheird chéanna sin, rud a rinne Comhghall ar dtús. Ach bhí Comhghall ag iarraidh a bheith ina shaighdiúir i seirbhís Chríost.

mósáic i mBeannchair inniu

De réir dealraimh, rinne Comhghall a chuid staidéir faoi threoir Naomh Finnian i Maigh Bhile.[3] Siocair go raibh sé faoi bhrú ag cathuithe agus faoi chian agus chumha, shocraigh sé féin agus a ab ar dhul i muinín na paidreoireachta. Tar éis don easpag Lughaidh é a agairt go mór, oirníodh ina shagart é.[1]

MainistirCuir in Eagar

Bhunaigh Comhghall mainistir i mBeannchar c. 555-558, mainistir a mheall chuici daoine mar Naomh Columbán ina phríomhoide inti tamall ina dhiaidh sin.[4][1][5]

Bhí Comhghall an-dian ar fad ar na manaigh ó thaobh bia de.. Ní raibh cead ag na manaigh faoi Naomh Comgall i mBeannchar bainne a ól.[6] Bheadh arán, glasraí agus uisce mar bhéile acu, agus ní raibh ann ach aon bhéile amháin sa lá. Níos déanaí, tugadh cead dóibh bainne a ól sa deireadh, mar a rinneadh sa chuid is mó de na mainistreacha eile ag an am.

Bhunaigh Comhghall mainistir  in oileán Tír Iodh in Albain chomh maith.

Bású agus oidhreachtCuir in Eagar

Tar éis dó tinneas fada pianmhar a fhulaingt go foighdeach, d’éag sé ar Fhéile na Cincíse sa bhliain 602 b'fhéidir.

Ó thús an 9ú haois ar aghaidh, d’ionsaigh na Lochlannaigh Mainistir Bheannchair agus truaillíodh scrín Naomh Comhghall.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 "Naomh Comhghall, ab: Bealtaine 10 | Cumann na Sagart". www.cumannnasagart.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-05-10. Dáta rochtana: 2021-05-10.
  2. "St. Comgall" . Catholic Encyclopedia Volume 4. 
  3. "Maigh Bhile/Movilla" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-05-10.
  4. Liz Curtis (2006). "Léargas den scoth ar shaol na manach fadó" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-05-10.
  5. Gearóid Trimble (2016). "Naomh Gall – Oidhreacht Léinn & Liteartha an Naoimh Éireannaigh a Bhunaigh Cathair St Gallen na hEilbhéise". Seanchas Ardmhacha: Journal of the Armagh Diocesan Historical Society 26 (1): 107–129. ISSN 0488-0196. 
  6. "Colm Cille > Food and Drink". ccea.org.uk. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-05-10. Dáta rochtana: 2021-05-10.
  7. "Bangor Abbey" (as en) (2021-01-18). Wikipedia.