Mobhí Cláraineach

naomh Éireannach

Naomh manachúil Éireannach ab ea Mobhí Cláraineach (nó Bearchán), a áirítear mar dhuine de Dhá Aspal Déag na hÉireann. Bhí sé ina ab ar mhainistir i nGlas Naíon, áit ar mhúin sé Colm Cille, Naomh Cainneach, Comhghall, agus Ciarán Saighre.

Infotaula de personaMobhí Cláraineach

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith6 haois
Bás544 (Féilire Ghréagóra)
Siocair bháisBás nádúrtha (Plá)
Ab
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmduine rialta Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Ardú
Lá féile12 Deireadh Fómhair Cuir in eagar ar Wikidata

Ina shaothar Trias Thaumaturga, rinne Seán Mac Colgáin cur síos ar Mhobhí mar a leanas: “Naomh Berchanus, ar a thugtaí Mobianus Clairenach, mac Beoain, mic Bressal, mic Ailgin, mic Igna, mic Athra, mic Lughna Trinog, mic Brecdulb, mic Airt Corp, mic Cairbre Niadh, &c... in áit ar a dtugtar Glas Naíon, sa dúiche Galengae 12 Deireadh Fómhair agus cois abhainn na Life sa Lagenia.”[1][2] Ba ghaol le Bríd Chill Dara é.[1]

I Martarlaig Oengus, déantar cur síos air mar “Mobí mac Beoain do Corco trí do Luignib Connacht,” agus deir sé gurb í “Huaine ingen Fhindbarr” a mháthair.[3]

Ciallaíonn an t-ainm cláraineach “duine a bhfuil aghaidh chothrom air”,[4] toisc go deirtear gur rugadh gan súile gan srón é.[5] An chúis a bhí leis an gcuma aisteach seo ná gur “chuir an domhan brú air” nuair a rugadh é (Clar enech he, ar ro thairin talamh he corbo aenchlar).[3] Deirtear gur leigheasadh go míorúilteach é nuair a steall sé uisce baiste Dháibhí ar a aghaidh trí huaire.[5]

Ba mhúinteoir i scoil mhainistreach é Mobhí, áit ar mhúin sé go leor naomh Éireannach mór le rá. Nuair a bhí an scoil i mbarr a réime, bhí tuairim is caoga scoláire ann.[1]

Ba é Mobhí a thug cead do Cholm Cille, ag uair a bháis, Scoil Dhoire a bhunú.[6] Fuair sé bás ar 12 Deireadh Fómhair 544 den phlá a scoir a scoil.[7]

D’aithin a dhaltaí féin Mobhí mar naomh go luath i ndiaidh a bháis.

Dúirt an tArdeaspag John Healy, ina leabhar Insula Sanctorum et Doctorum, gur “máistir mór ar an saol spioradálta” é Mobhí.[7]

Ceiliúrtar a fhéile ar 12 Deireadh Fómhair,[8] agus inniu tá paróiste de chuid Eaglais na hÉireann i nGlas Naíon ainmnithe i ndiaidh Naomh Mobhí.[9]

Tá sé luaite i Martarlaig Dhún na nGall ar an 12 Deireadh Fómhair, lá a bháis, agus déantar cur síos air mar a leanas: “Mobhí Cláraineach, ab Ghlas Naíon, i bhFine Gall, ar bruach abhainn na Life, an taobh thuaidh; agus Bearchán ainm eile dó.”[1][10]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Archdall, Mervyn (1876). "Monasticon Hibernicum" II: 83–84. Dublin: W.B. Kelly. 
  2. Mac Colgáin, Seán. "Acta sanctorum veteris et maioris Scotiae seu Hiberniae sanctorum insulae". “Sanctus Berchanus, qui & Mobianus cognomento Clairenach filius Beoani, filii Bressalii, filii Ailgini filii Igna, filii Athra, filii Lughna Trinog, filii Brecdulbii, filii Arturi Corbi, filii Carbrei Niadh &c. vt supra, Colitur in loco qui dicitur Clas-naoidhen, in regione Galengae 12. Octobr. & iuxta Liffeum fluuium in Lagenia” 
  3. 3.0 3.1 Félire Óengusso Céli Dé (1905). "The Martyrology of Oengus the Culdee": 216–225. London: Harrison and Sons. 
  4. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): cláraineach” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2023-07-09.
  5. 5.0 5.1 "St David of Wales: Cult, Church and Nation" (2007). Woodbridge: The Boydell Press. ISBN 9781843833222. 
  6. Faulkenbury. "Out of the Mist". 
  7. 7.0 7.1 Healy, John (1893). "Insula Sanctorum et Doctorum; or Ireland's Ancient Schools and Scholars": 90–91. Library of Alexandria. ISBN 9781465560506. 
  8. Mooney (21 January 2009). “St. Finnian of Clonard, Bishop”. Celtic and Old English Saints. Dáta rochtana: 9 March 2014.
  9. Santry, Glasnevin and Finglas”. The United Dioceses of Dublin & Gendalough (2008). Dáta rochtana: 10 March 2014.
  10. Ó Cléirigh, Mícheál (1864). "Martyrologium Dungallense" [Martarlaig Dhún na nGall]: 273–275. Baile Átha Cliath: Irish Archaeological and Celtic Society. “Mobhi clairenech, ab ó Glais Naoidhen i nGallaibh for bru abhand Life don leith a tuaidh, acus Berchan ainm oile do.”