Don té atá ar bheagán eolais faoin difríocht mhór idir na healaíona míleata clasaiceacha agus féinchosaint praiticiúil, tá sé thar a bheith deacair teacht ar eolas neamh-chlaonta faoin ábhar. Maítear go minic gurb é Karate ó Okinawa nó Kung Fu ón tSín nó Muay Thai ón Téalainn nó Ju-Jitsu ón tSeapáin an córas féinchosanta is fearr a bhfuil ann. Níl ceachtar acu níos fearr nó níos measa ná a chéile cé go bhfuil siad uile éagsúil óna chéile.

Infotaula d'esportEalaín oscartha
Cineálealaín agus traidisiún
Leaganachastrike (en) Aistrigh, blocking (en) Aistrigh, dodging (en) Aistrigh, grappling hold (en) Aistrigh, kata (en) Aistrigh agus riail
Júdó

Is í lom na fírinne go bhfuil gnéithe de chomhrac míleata agus d'fhéin-chosaint praiticiúil nó 'chomhraic sráide' le sonrú i ngach uile chóras de na healaíona míleata, ach tá gnéithe d'fhealsúnacht, d'fhorbairt an duine, de spórt agus d'ealaíon dar ndóigh iontu chomh maith. Más é féinchosaint spreagadh agus sprioc an fhoghlaimeora, ní mór don fhoghlaimeoir idirdhealú a dhéanamh idir féin-fhorbairt, spórt, ealaíon agus féinchosaint agus 'córas féinchosanta' á roghnú aige/aici.

Oidí sna healaíona míleata cuir in eagar

Cé go bhfuil oidí den scoth ó gach uile chóras de na healaíona míleata ann, tá neart oidí ann a bhfuil ardscileanna acu sna healaíona míleata ach nach bhfuil scil dá laghad acu mar mhúinteoirí. Go rómhinic, is scéal scéil a fhaightear i go leor ranganna, leagan truaillithe de chur chuige an mhúinteora a mhúin múinteoir an mhúinteora fadó. Bíonn an iomarca daoine plódaithe isteach ar mhullach a chéile sna ranganna agus ní bhíonn aithne mhaith ag an oide ar mhic léinn dá c/huid. Is iad na mic léinn is aclaí, cróga agus is láidre a dhéanann dul chun cinn go minic agus bíonn siad dírithe ag an oide i dtreo na hiomaíochta i gcomórtais spóirt. Fágtar na mic léinn a bhfuil faitíos orthu roimh throid de leath thaobh, na daoine is mó a theastaíonn tacaíocht agus gríosú uathu, na daoine a bhfuil níos mó spéise acu i bhféin-chosaint ná i spórt. Más í féinchosaint an sprioc ní féidir leis an oide an iomarca daoine a traenáil ag an am céanna. Ní bhíonn sluaite faoi oiliúint ag oidí dornálaíochta, mar tuigeann lucht na dornálaíochta tábhacht mheon an trodaí go maith. Caithfidh an t-oide aithne mhaith a bheith aige/aici ar mhic léinn dá c/huid. Is spórt crua í an dornálaíocht agus mura bhfuil an meon ceart ag an trodaí, d'fhéadfadh sí/sé a bheith gortaithe san fháinne troda.

Má tá duine ag freastal ar ranganna chun féinchosaint a fhoghlaim mar gheall ar droch-thaithí le tromaíocht ar scoil, nó ionsaí ar an tsráid nó sa bhaile go deimhin, tá sé riachtanach go mbeadh scil faoi leith ag an oide maidir oiliúint mheon an duine aonair sin. Léiríonn taighde a rinne eagraíochtaí póilíní agus airm Mheiriceá go bhfuil meon an duine faoi ionsaí níos tábhachtaí ná teicnící agus gurb iad na teicnící simplí na teicnící is fearr nuair atá féinchosaint i gceist. Tógann sé blianta fada ar dhaoine máistreacht a fháil ar na healaíona míleata clasaiceacha, blianta nach bhfuil ag go leor a bhfuil féinchosaint uathu.

Meon an trodaí/chosantóra agus teicnící simplí cuir in eagar

Nuair a bhí ar údaráis mhíleata na gcomhghuaillithe oiliúint a chur ar shaighdiúirí le linn an dara chogadh domhanda ní raibh am acu fanacht go dtí go mbeadh caighdeán ard bainte amach ag saighdiúirí dá gcuid sna healaíona míleata. Chum oidí an airm córas comhraic bunaithe ar theicnící simplí praiticiúla ó na healaíona míleata éagsúla a bhí ar fáil dóibh ag an am, agus rinne siad iad a mheascadh le teicnící comhraic de chuid an airm. Rinne saighdiúirí dianchúrsaí en:mano-a-mano taobh istigh de thréimhse an-ghearr agus d'éirigh leo caighdeán an-ard a bhaint amach go sciobtha i gcóras comhraic praiticiúil. Cuireadh níos mó béime ar mheon an tsaighdiúra ná ar theicnící agus ba iad na teicnící ba shimplí a múineadh toisc gurb iad na cinn is simplí na cinn is fearr nuair atá fíor-throid chun báis i gceist. Is féidir frithghníomh a dhéanamh de theicnící simplí i bhfad Éireann níos sciobtha agus níos éasca ná teicnící casta.

Cúrsaí Spóirt agus teicnící mar fhrithghníomh cuir in eagar

Cuirtear an-bhéim ar iomaíocht agus ar spórt sna healaíona míleata sa lá atá inniu ann, ní amháin san Iarthar ach san Áis chomh maith. Baineann fadhbanna le seo maidir le féinchosaint. Teastaíonn rialacha chun iomaitheoirí a chosaint i gcomórtais spóirt. Cuirtear srian ar theicnící marfacha agus déantar cleachtadh ar theicnící a mheallann súil na moltóirí. Cothaítear nósanna comhoibrithe idir comhghleacaithe nuair a dhéanann siad cleachtadh do chomórtais le chéile agus iad ag tarraingt ón tobar céanna teicnící agus nósmhaireachta.

Ní féidir leis an duine machnamh a dhéanamh ar theicnící nó ar straitéis nuair atá sé/sí faoi ionsaí. Braitheann an duine ar fhrithghníomh, frithghníomh atá foghlamtha ag an intinn agus ag an gcolainn ó shíor-chleachtadh ar theicnící simplí i gcomhthéacs atá an-ghearr do shuíomh an chomhraic féin. Má dhéantar cleachtadh seasta ar theicnící spóirt nó ealaíne, mura bhfuil leibhéal an-ard go deo bainte amach ag an duine sna healaíona míleata agus taithí na mblianta fada aici/aige, ní chreidim féin go mbeadh sé ar chumas an duine gan teicnící mí-oiriúnacha a úsáid nuair atá sé/sí faoi fhíor-ionsaí ar an tsráid nó sa bhaile. Má tá tú ag traenáil chun tú féin a chosaint, ba cheart go mbeadh an traenáil chomh gearr don fhíor-throid agus is féidir.

Féin-Chosaint cuir in eagar

Teastaíonn traenáil ar mheon agus ar chumarsáid cholainne an duine ionas go mbeadh an duine in ann contúirt a aithint in am agus í a sheachaint. Caithfear cleachtadh a dhéanamh ar theicnící simplí éifeachtacha arís is arís eile i mbeirteanna agus le grúpaí beaga agus éadaí cosanta á gcaitheamh ag an duine. Go rómhinic gortaítear daoine go dona agus iad ag plé leis na healaíona míleata rud go bhféadfaí a sheachaint den chuid is mó leis an trealamh agus an cur chuige traenála ceart. Ba cheart cleachtadh a dhéanamh i suímh sách réalaíoch ag déanamh aithrise ar shuíomh na sráide, an phub agus an bhaile i solas an lae agus sa dorchadas araon.

Caithfear SEIF agus galair eile a thabhairt san áireamh agus tú do do chosaint féin. Níl tú ag iarraidh fuil a bhabhtáil le strainséir go mór mór an cineáil duine a bheadh do do ionsaí. B'fhéidir go mbeadh sé níos sábháilte teicnící uillinne agus glúine a úsáid, baill cholainne a bhíonn clúdaithe le héadach go minic, nó fiú teicnící le bos na láimhe a úsáid in ionad teicnící leis an dorn.

Cé go bhfuil sé in aghaidh an dlí uirlis troda a iompar, níl aon srian ar an duine peann, fón póca, eochracha nó leabhar le clúdach crua a iompar, rudaí atá thar a bheith éifeachtach mar uirlisí troda i lámha an duine oilte. Ná déan dearmad áfach go bhfuil sé in aghaidh an dlí an iomarca nirt a úsáid agus tú do do chosaint féin.

Ag Roghnú modh féinchosanta ó na hEalaíona Míleata cuir in eagar

Is é an duine féin a dhéanfaidh an cinneadh maidir le cúrsa féinchosanta nó córas de na healaíona míleata a roghnú ach más í féinchosaint an spreagadh, mholfainn duit na ceisteanna a leanas a chur ort féin agus rang á roghnú agat:

  1. An bhfuil an t-oide macho nó an bhfuil sé/sí sásta cúrsaí a phlé leat agus teicnící a mhíniú go soiléir duit?
  2. An ndéanfar plé ar cén chaoi le coimhlint agus ionsaithe a sheachaint?
  3. An labhraítear faoi mheon agus cumarsáid cholainne an duine sna ranganna?
  4. An bhfuil an iomarca daoine brúite isteach ar mhullach a chéile sa spás traenála?
  5. An bhfuil meascán de dhaoine maidir le haois agus gnéas ag freastal ar an rang?
  6. An labhraítear faoi shuímh throda seachas an halla spóirt nó an dojo sna ranganna?
  7. An bpléitear an difríocht idir na cineálacha ionsaithe ar mhná fir agus páistí?
  8. An bpléitear ionsaithe nuair atá níos mó ná ionsaitheoir amháin i gceist agus ionsaitheoirí le huirlisí troda?
  9. An bhféadfá féin an córas seo/ nó leagan de a úsáid ar an tsráid nuair nach bhfuil rialacha nó réiteoir ann agus tú gléasta i ngnáth éadaí, sciorta agus saillí arda mar shampla?
  10. An airíonn tú níos scanraithe nó níos muiníní tar éis duit freastal a dhéanamh ar chúrsa míosa?

Mar fhocal scoir cuir in eagar

Tá claonadh sna healaíona míleata gan údarás an oide a cheistiú. Bí cinnte ar an gcéad dul síos go bhfuil an t-oide cáilithe agus aitheanta.

Déantar laoch den oide go minic agus maítear gurb í a stíl an stíl is fearr a bhfuil ann. Ná déan dearmad nach mbeidh an laoch leat má dhéantar ionsaí ort. Ag deireadh an lae is fútsa atá sé cinneadh a dhéanamh agus tú ag roghnú córas féinchosanta duit féin. Má tá eolas uait faoi ranganna sna healaíona míleata nó ranganna féinchosanta i do cheantar d'fhéadfá teagmháil a dhéanamh leis

Naisc sheachtracha cuir in eagar