Earl Sweatshirt

rapálaí Meiriceánach

Is rapálaí, cumadóir amhrán agus léiritheoir ceirnín Meiriceánach é Thebe Neruda KgositsileEarl Sweatshirt, atá mar ainm stáitse aige. Rugadh é ar 24 Feabhra 1994, i Siceagó i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Earl Sweatshirt
Earl Sweatshirt Day N Night Festival.png
Saol
Ainm iomlánThebe Neruda Kgositsile
Eolas breitheChicago, 24 Feabhra 1994 (29 bliain d’aois)
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
Teanga dhúchaisan Béarla
Muintir
AthairWillie Kgositsile
MáthairCheryl Harris
Oideachas
Alma materUCLA Lab School (en) Aistrigh
Community Magnet Charter School (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmrapálaí, cumadóir agus amhránaí
Áit oibreLos Angeles
Ainmníodh é/í le haghaidh
[[Grammy Award for Album of the Year (en) ]]
(2012) : [[Channel Orange (en) ]]
SloinnteEarl Sweatshirt
Gluaiseacht ealaínealternative hip hop (en) Aistrigh
underground hip hop (en) Aistrigh
Uirlis cheoilceol gutha
Lipéad ceoilColumbia
IMDbnm4927480
earlsweatshirt.com
Discogs ID1967265
Instagramsoapmanwun
Twitterearlxsweat

Bhí aithne air mar Sly Tendencies sular thug Tyler, the Creator cuireadh dó chun a bheith páirteach sa ghrúpa hip-hop malartach Odd Future i 2009.

SaolCuir in Eagar

I Márta 2010, nuair nach raibh sé ach sé bhliain déag d’aois, chuir sé a chéad mixtape Earl amach a bhí molta go mór ag criticeoirí agus an phobal araon. Gan mhoill ina dhiaidh sin, chuir a mháthair go scoil chónaithe fa choinne déagóirí atá i mbaol i Samó Mheiriceá, áit a d’fhan sé ar feadh bliain go leith.

Ní raibh sé ábalta ceol ar bith a thaifead ann, agus tháinig sé ar ais go Los Angeles i mí Feabhra 2012, díreach sular shroich sé a ochtú mbreithlá déag. Chuaigh sé ar ais isteach in Odd Future agus thosaigh sé ag cumadh ceoil nua. Chuir sé amach a chéad albam stiúideo Doris i mí Lúnasa 2013.

Tháinig a chéad albam eile, I Don’t Like Shit, I Don’t Go Outside, amach i Márta 2015. Lean a tríú halbam, Some Rap Songs, i ndiaidh sin i Samhain 2018.

Tá ardmholadh faighte ag achan tionscadal atá déanta aige.

 
Earl i Márta 2013.

Faoi láthair, is leis an lipéad neamhspleách Tan Cressida atá sé sínithe, a bhí eisithe ag Columbia Records tráth. Ar 1 Samhain, 2019, chuir Kgositsile EP amach darbh ainm Feet of Clay.

 
Earl Sweatshirt i 2012

TagairtíCuir in Eagar