Is fear fichille é an t-easpag (♗, ♝) i gcluiche na fichille. Tosaíonn gach imreoir an cluiche le dhá easpag. Tosaíonn ceann amháin idir ridire an rí agus an rí, an ceann eile idir ridir na banríona agus an bhanríon. Is iad na cearnóga tosaigh c1 agus f1 i gcomhair an easpaig bháin, agus c8 agus f8 i gcomhair an easpaig dhuibh.

Fear fichille - An tEaspag bán

Socrúchán agus gluaiseacht cuir in eagar

Níl raonshrianta ar bith ag an easpag bogadh, ach tá sé teoranta do phas ar fiar. Ní féidir le heaspaig, cosúil le gach píosa eile seachas an ridire, léim thar fhir fichille eile. Gabhann easpag trí seilbh a ghlacadh ar chearnóg an namhaid.


Féadfar na heaspaig a idirdhealú de réir cén sciatháin a dtosaíonn siad air, .i. easpag an rí agus easpag na banríona. Mar thoradh ar a bhogadh fiarthrasna, fanann gach easpag i gcónaí ar na cearnóga bána nó dubha, agus mar sin is coitianta freisin tagairt a dhéanamh dóibh mar easpaig ghealchearnógacha nó dúchchearnógacha.


 
 
               
               
               
               
               
               
               
               
 
 
Socrúchán tosaigh na n-easpag

Tagairt cuir in eagar