Fear poist a ghlac páirt i bhFrithbheartaíocht na Fraince le linn an Dara Cogadh Domhanda a bhí in Edmond Debeaumarché (15 Nollaig 190628 Márta 1959). Tháinig sé slán, más ar éigin, ón gcogadh agus bronnadh iomaí suaitheantas air sna blianta iarchogaidh.

Infotaula de personaEdmond Debeaumarché

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(fr) Edmond Paul Debeaumarché
15 Nollaig 1906
Dijon, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Bás28 Márta 1959
52 bliana d'aois
Suresnes, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, trodaire Fhrithbheartaíocht na Fraince Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFrench Section of the Workers' International (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhraincis
Gairm mhíleata
CoinbhleachtAn Dara Cogadh Domhanda
Gradam a fuarthas

Bhain Debeaumarché feidhm as a phost le cúnamh a thabhairt do lucht na Frithbheartaíochta, ag seachadadh litreacha chucu ó Londain agus ar ais, mar shampla. Ghoid sé leabhair chóid a bhí in úsáid ag fórsaí an rialtais Vichy, a bhí ag comhoibriú leis na Gearmánaigh.

Gabhadh Debeaumarché agus ceistíodh é chomh dian sin gur thit a mhothú. Níor ainmnigh sé aon duine dá chomhghleacaihe, áfach. Tar éis tamaill ag obair i ngéibhinn sa Fhrainc, daoradh chun báis é.

olluaigh i mBergenBelsen

Sheoladh Debeaumarché chuig Campa Bergen-Belsen. Níor cuireadh an breithiúnas i ngnímh agus d'éirigh leis é féin a choimeád beo go dtí teacht fhórsaí na gComhghuaillí chuig an gcampa.

Bás agus comóradh cuir in eagar

I ndiaidh a bháis sa bhliain 1959, tionóladh seirbhís ina onóir in Les Invalides i bPáras. Cuireadh Debeaumarché in Dijon, a bhaile dúchais. Tá cearnóg ainmnithe ina dhiaidh in Dijon, chomh maith le sráid i Mantes-la-Ville.

Chun a shaothar sa chogadh a chomóradh, eisíodh stampa poist sa tsraith Fhrancach úd "Laochra na Frithbheartaíochta" ar 26 Márta 1960.

Tagairtí cuir in eagar