Dijon
Cathair in oirthear na Fraince is ea Dijon. Príomhbhaile an département Côte-d'Or agus na Burgúine atá ann. Thángthas ar iarsmaí ón aois Neoiliteach in Dijon, agus bhí lonnaíocht ann in aimsir na Rómhánach ar a dtugtaí Divio. Bhí cónaí ar 152,071 duine in Dijon sa bhliain 2012, agus 245,697 duine i mórcheantar na cathrach ("Grand Dijon") i 2011.
Ceapadh mustard Dijon sa chathair sa bhliain 1856. Cuireadh sú fíonchaora a bhí beagnach aibí sa mustard in áit an fhínéagair a úsáideadh go traidisiúnta.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |