Ard-Rí na hÉireann idir na blianta 1315 agus 1318 ab ea Éadbhard Brús (Edward Bruce) (1280 - 14 Deireadh Fómhair 1318). Albanach, ba deartháir le Roibeard Brús, rí na hAlban, é. Fuair Éadbhard Brús bás sa bhliain 1318 ag Cath Fhochairde i gContae Lú.

Éadbhard Brús
Iarla na Carraige

Saol
Eolas breithe 1275 (Gregorian)
Bás Faughart (en) Aistrigh, Deireadh Fómhair 14, 1318
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás  (maraíodh i gcomhrac)
Muintir
Athair Robert de Brus, 6th Lord of Annandale
Máthair Marjorie, Countess of Carrick
Céile/Céilí Isabella of Strathbogie (en) Aistrigh
Eleanor de Ross (en) Aistrigh
Páistí
Siblíní
Treibh Clan Bruce (en) Aistrigh
Gairm
Gairm ceannaire míleata
Seirbhís mhíleata
Throid sé/sí ag Wars of Scottish Independence (en) Aistrigh

ComhthéacsCuir in Eagar

 
Reilg, Fochaird agus uaigh an rí

Eachtra chinniúnach i stair na hÉireann agus i stair na hAlban araon a bhí i gcorónú Eadbhaird ina Ard-Rí Éireann agus ina fheachtas míleata i n-aghaidh thiarnas na nAngla-Normánach in Éirinn.[1]

Ionradh Brús a thugtar ar an bhfeachtas sin a chuir athrú ar leathnú na nAngla-Normánach in Éirinn agus a threisigh le feachtas an neamhspleáchais in Albain ionas gur tháinig chun cinn le himeacht aimsire an dá náisiún ar a dtugtar Éire agus Albain sa lá atá inniu ann.

 
Reilg, Fochaird agus uaigh an rí

Sa bhliain 13151316, corónaíodh Éadbhard Brús ina ar Éirinn, in aice le Dún Dealgan, b'fhéidir (níl na staraithe cinnte).[2].

CogaíCuir in Eagar

Timpeall an Charghais, sa bhliain 1314, chuir Éadbhard Brús, deartháir Rí na nAlbanach, tús leis an léigear ar Chaisteal Sruighlea, a bhí faoi cheannas Sir Philip Mowbray. Nuair nárbh fhéidir le Éadbhard bua a chur i gcríoch, shocraigh sé comhaontú le Mowbray - mura thagann aon fhaoiseamh roimh Oíche Fhéile Eoin 1314, bheadh air an caisleán a ghéilleadh d'Éadbhard.

 
Annála Uladh agus scéal ard-rí na hÉireann

An bhliain dár gcionn, tháinig Éadbhard Brús go hÉirinn chun fronta Gael eile a chruthú in aghaidh na Sacsanach. Bhí tíorántacht dhofhulaingthe i gceist sa tír. Mar shampla, chuir Éadbhard Brús an séipéal i mBaile Átha Fhirdhia trí thine agus an pobal fós istigh ann[3].

I mBealtaine 1316, rinne Éadbhard II Iarla ar Chill Dara de Sheán Mac Gearailt as "dea-sheirbhís" mar cheannaire an airm a chuir i gcoinne ionradh Éadbhaird Brús ar Chill Dara.

Maraíodh Éadbhard Brús ag cath Fhochairde[4] ar 14 Deireadh Fómhair 1318. Bhí an namhad foai stiúir Sir John de Bermingham.

ToradhCuir in Eagar

"Cé gur briseadh ar Eadbhard Brús agus gur maraíodh é sa bhliain 1318, is fada a chuaigh an toradh a tháinig ar an ionradh. Tháinig athrú ar leathnú na nAngla-Normánach in Éirinn agus sa dara leath de na meánaoiseanna, tháinig athbheochan ar litríocht na nGael agus cultúr na nGael faoi bhláth. An tráth céanna, ardú meanma a bhí ann do na hAlbanigh an cath a chur ar na Sasanaigh in Allt nam Breac, rud a réitigh an bealach don náisiún neamhspleách."[5]

TagairtíCuir in Eagar