Eileen Chong
File Astrálach is ea Eileen Chong.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1980 43/44 bliana d'aois Singeapór |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, scríbhneoir |
Rugadh í in 1980 i Singeapór. Rugadh triúr dá seanaithreacha sa tSín, agus d’fhás sí aníos ag labhairt Mandairínise, Hokkien agus Béarla. Oileadh í mar mhúinteoir ardscoile i Singeapór agus bhí sí ag múineadh ann le trí bliana.[1] D’aistrigh sí go Sydney in 2007. Thosaigh sí ag scríobh filíochta san Astráil, rud a spreagadh nuair a d’fhreastail sí ar rang filíochta an fhile Judith Beveridge agus í ag déanamh M. Litt. ag Ollscoil Sydney.[1] Tá roinnt duaiseanna agus cónaitheachtaí faighte aici ó shin.
Tá sé ráite aici gurb éard is bun lena saothar agus a chothaíonn an saothar sin é a bheith de gheasa uirthi ligean don saol dul i bhfeidhm ar a croí i ngeall ar a stair chultúrtha, na rudaí a bhfuil dúspéis aici iontu, na rudaí a chorraíonn í. Ní mór a cuimhneamh nach tuairisciú í an fhilíocht ach ceird agus ealaín.[1]
Sliocht
cuir in eagarI sat in the café while your friend railed at me |
Bhí mé i mo shuí sa chaifé agus do chara do mo liobairt |
Rogha leabhar
cuir in eagar- Burning Rice. Chong, Eileen. 2012. Australian Poetry New Voices Series 2012, Melbourne. Athchló 2013. Pitt Street Poetry, Sydney.
- Peony. Chong, Eileen. 2014. Pitt Street Poetry, Sydney.
- Painting Red Orchids. Chong, Eileen. 2016. Pitt Street Poetry, Sydney.
- The Uncommon Feast (aistí, dánta, oidis). Chong, Eileen. 2018. Maisithe ag Colin Cassidy. Recent Work Press, Canberra.
- Rainforest. Chong, Eileen. 2018. Pitt Street Poetry, Sydney.
- Map-Making. Dánta le Eileen Chong, grianghrafanna le Charlene Winfred. 2018. Potts Point Press, Sydney.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Suíomh Eileen Chong
- Leathanach Eileen Chong ag Pitt Street Poetry: http://pittstreetpoetry.com/eileen-chong
- “Five Translated Eileen Chong Poems”, Isabelle Li agus Eileen Chong, 1 Feabhra 2018: Cordite Poetry Review: http://cordite.org.au/translations/li-chong/
- Léirmheas le Boey Kim Cheng ar Peony in Cordite: http://cordite.org.au/reviews/boey-chong/
- Léirmheas le Geoff Page ar Painting Red Orchids in Mascara Literary Review: http://mascarareview.com/geoff-page-reviews-painting-red-orchids-by-eileen-chong/
- Léirmheas le Dan Disney ar Painting Red Orchids in World Literature Today: http://www.worldliteraturetoday.org/2017/january/painting-red-orchids-eileen-chong
- Léirmheas le Boey Kim Cheng ar Painting Red Orchids agus Rainforest sa Sydney Review of Books: https://sydneyreviewofbooks.com/chong-painting-red-orchids-rainforest/ Curtha i gcartlann 2019-12-31 ar an Wayback Machine
Nótaí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 ”Eileen Chong interviews Eileen Chong,” Southerly Journal, 6 Deireadh Fómhair 2016: http://southerlyjournal.com.au/2016/06/10/eileen-chong-interviews-eileen-chong/
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-31. Dáta rochtana: 2019-12-31.