Eileen Gray
Ailtire agus dearthóir troscán Éireannach ab ea Kathleen Eileen Moray Gray (9 Lúnasa 1878 – 31 Deireadh Fómhair 1976). Ceannródaí i ngluaiseacht ailtireachta an Nua-Aoiseachais ba ea í. Bhí Gray ar dhuine de na dearthóirí agus na hailtirí ba mhó tionchar sa 20ú haois.[1][2][3][4]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Kathleen Eileen Moray 9 Lúnasa 1878 Inis Córthaidh, Éire |
Bás | 31 Deireadh Fómhair 1976 98 bliana d'aois 14ú arrondissement Pháras, An Fhrainc |
Áit adhlactha | cnámhlann Père-Lachaise (luach anaithnid–) Reilig Père-Lachaise (–luach anaithnid) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Scoil Mhínealaíne Slade (1901–1902) Académie Julian Académie Colarossi |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Páras (1922–1976) Londain (1915–1917) Páras (1906–1914) Stáit Aontaithe Mheiriceá Londain |
Gairm | ailtire, dearthóir |
Teangacha | An Fhraincis agus Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Suíomh a chartlainne | |
Teaghlach | |
Céile | luach ar iarraidh |
Athair | James Maclaren Smith-Gray agus Eveleen Smith-Gray, An 19ú Bantiarna Gray |
Croineolaíocht | |
5 Samhain 1976 | sochraid (Crématorium-columbarium du Père-Lachaise) |
Gradam a fuarthas
| |
Saol
cuir in eagarIn Inis Córthaidh, i gContae Loch Garman, a rugadh í. D'fhás sí aníos ansin agus i Londain. Rinne sí staidéir ar an ealaín i Londain (scoil Slade) agus ansin i bPáras (scoil Julien). Sa Fhrainc a chaith sí an chuid ba mhó dá saol mar dhuine fásta. Bhí sí ina cónaí san árasán céanna i bPáras (21 rue Bonaparte, 6ú arrondissement) ó 1907 go dtí lá a báis sa bhliain 1976, in aois a 98 bliana.
Saothar
cuir in eagarBhí Gray ar dhuine de phríomhcheannairí na gluaiseachta deartha nua-aimseartha i dtús na 20ú haoise. Dhear sí troscán laicir ar dtús. Thosaigh sí ag obair le foirmeacha ailtireachta i ndeireadh na 1920idí. Bhí cur chuige nua aici maidir le cruth, líne, úsáid dathanna, ábhair agus uigeachtaí.[1]
Ina saothair laicir agus ina cairpéid, rinne sí nasc radacach idir ceirdeanna traidisiúnta agus prionsabail an Fhóbhachais, an Chiúbachais, agus De Stijl. Dhírigh sí ar a dtréithe tadhlacha, cinéistéiseacha agus céadfacha agus leathnaigh sí an cur chuige sin go dtí an troscán nua-aimseartha. Ba í an chéad dearthóir í a d’oibrigh le cróm.[1]
Ba ise an chéad duine a d’úsáid alúmanam, ceallalóid, cruach fheadánach, bácailít agus corc ina dearaí. Comhartha sóirt dá cuid dearaí uathúla ba ea ceangal ar leith leis an bhfoirm agus leis an líne ghlan, ach bhí siad feidhmiúil, ciallmhar agus compordach i gcónaí chomh maith.[1]
Comóradh
cuir in eagarIs beag aitheantas a bhfuair sí in Éirinn di le linn a saoil, seachas sa taispeántas “Eileen Gray, Pioneer of Design.”, a bhí ar siúl i mBanc na hÉireann i samhradh na bliana 1973.[1]
Bhronn Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann comhaltacht onórach uirthi sa bhliain 1974.
Sa bhliain 2015 d'eisigh An Post foireann stampaí poist lena cuid dearthóireacht troscán a chomóradh.
Féach freisin
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 "Eileen Gray | Decorative Arts & History | Ard-Mhúsaem na hÉireann" (en). National Museum of Ireland. Dáta rochtana: 2022-01-28.
- ↑ "Gray, Eileen | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2024-04-28.
- ↑ moma.org. "Croineolaíocht". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ "Eileen Gray". www.kulecka.com. Dáta rochtana: 2024-04-28.