Einar Kárason

scríbhneoir Íoslannach

Scríbhneoir agus file é Einar Kárason, agus é ar dhuine de na scríbhneoirí is mó ráchairt san Íoslainn inniu. Rugadh sa bhliain 1955 é, agus b'é an t-úrscéal Þetta eru asnar Guðjón ("Níl iontu siúd ach amadáin, a Ghuðjón") an chéad leabhar leis a tháinig i gcló, thiar sa bhliain 1981.

Infotaula de personaEinar Kárason

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith24 Samhain 1955
68 bliana d'aois
Réicivíc, An Íoslainn Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na hÍoslainne Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreBelles-lettres
Gairmscríbhneoir, scríbhneoir próis, file, scríbhneoir scripte Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Íoslainnis

IMDB: nm0477595 Allocine: 234614 Cuir in eagar ar Wikidata

Tríológ c - príomhshaothar Einar Kárason cuir in eagar

B'í an tríológ faoi Thule Camp a thabhaigh a chlú dó, mar scríbhneoir, - is é sin, an trí úrscéal úd

  • Þar sem djöflaeyjan rís ("An Áit ar Tógadh Oileán na nDiabhal", 1983),
  • Gulleyjan ("Oileán an Óir", 1985) agus
  • Fyrirheitna landið ("Tír na Tairngire", 1989).

Tugann an tríológ cur síos ar na hathruithe móra a tháinig ar shaol agus ar shochaí na hÍoslainne i mblianta drámatúla an dara cogadh domhanda, nuair a shealbhaigh na Sasanaigh, agus ina ndiaidh, na saighdiúirí Meiriceánacha, an t-oileán len é a chosaint ar na Gearmánaigh.

 
2015

Ó bhí na mílte saighdiúirí eachtracha ar fud na tíre nach bhfuil cónaí ach ar dhá chéad míle de bhundúchasaigh inti sa lá atá inniu féin ann, chuir siad cultúr na hÍoslainne bun os cionn, agus d'fhág na himeachtaí seo ina ndiaidh goimh a bhí i bhfad ag cneasú. B'é an dearcadh a bhí ag formhór mór na scríbhneoirí ar an scéal gur éignigh na saighdiúirí iasachta an tír, beag beann ar an dea-chuspóir a bhí leis an ionradh. Go háirithe, bhí siad ag scríobh faoin dóigh a raibh mná na hÍoslainne ag spallaíocht leis na saighdiúirí, agus fir óga na tíre fágtha ar an mblár fholamh acu.

Ba nós leis na hÍoslannaigh an focal sofhriotalach úd ástandið - "an staid" nó "staid na gcúrsaí" nó "an chuma atá (nó a bhí) ar na cúrsaí" a thabhairt ar éigeandáil an dara cogadh domhanda agus, go háirithe, ar an dóigh a raibh na cailíní óga ina mná luí ag na saighdiúirí (ástandsstelpur a thugtaí orthu siúd, nó "cailíní na staide").

 
2015

Súil Eile ar Bhlianta an Chogaidh cuir in eagar

Chaith Einar Kárason súil eile ar fad ar ástandið sna húrscéalta seo. Na daoine ar scríobh sé fúthu, ba daoine bochta piseogacha ón iargúltacht iad a chuir fúthu i mbeairicí a d'fhág na saighdiúirí Meiriceánacha ina ndiaidh i Reykjavík. San am céanna, ba teaghlach beo bíogúil iad agus an-ábhar seanchais iontu. Is dócha gur teaghlach tipiciúil de chuid na linne a bhí iontu, agus muintir na hÍoslainne ar fad in ann a gcomhionannú féin a dhéanamh leo. Agus, thar aon rud eile, is scéalaí dosháraithe é Einar Kárason, agus é tugtha don chineál eachtraíochta a chleachtadh a thabhaigh a gclú do scríbhneoirí móra Mheiriceá Theas. Bhí tionchar thar na bearta ag Gabriel García Márquez ar scríbhneoirí óga na hÍoslainne, agus ní díol iontais é gur haistríodh an t-úrscéal El amor en los tiempos del cólera ("An Grá in Am an Chalair") le García Márquez go hÍoslainnis roimh aon teanga eile.

Djöflaeyjan

Sliocht Karolína agus Tómas cuir in eagar

Is iad príomhphearsana na n-úrscéalta seo an tseanbhean Karolína, a fear céile Tómas, a hiníon Gógó agus a clann siúd. Bean gan a leithéid eile is ea Karolína, agus í chomh scanraitheach agus atá sí piseogach. Saothraíonn sí a cuid ag tuar a dtodhchaí do dhaoine a chreideann ina cuid scéalta - ós dream piseogach iad na hÍoslannaigh, is dual do na maithe agus na móruaisle féin comhairle a lorg ó Karolína. Tá an tseanbhean pósta ar Tómas, fear an tsiopa, agus é ag tabhairt aire di féin agus do Gógó. Maidir le Gógó, áfach, ní chuireann sí spéis ach i bhfir ó na tíortha iasachta, na mairnéalaigh chomh maith leis na saighdiúirí, agus triúr clainne aici ó aithreacha difriúla: Baddi, Danni agus Dollí.

Caitheann Gógó blianta an chogaidh ag rince agus ag déanamh pléaráca leis na Meiriceánaigh, go dtí go bpósann sí fear acu. Fanann a clann sa bhaile, le Karolína agus le Tómas, agus nuair a thagann siad i mbun a méide, tiontaíonn siad amach an-difriúil le chéile. Scóitséir agus fear mór geáitsí is banaíochta is ea Baddi, agus é in ann draíocht a chur ar na mná óna chéad óige anuas. Mar sin, caitheann sé a chuid ama ag aeraíocht ar fud na háite agus ag múineadh nósanna galánta Mheiriceá do mhuintir na háite. Is é a ghlanmhalairt é Danni. Buachaill íogair eisean nach bhfuil spéis aige ach sna heitleáin, agus é in éad le Baddi a chuireann an chluain Mhuimhneach ar na cailíní ar fad, an tseanbhean Karolína san áireamh. Mar sin, baineann sé amach dintiúirí an eitleora, ach ós rud é go bhfuil an áit ar fad i ngrá le Baddi, is cuma le cách faoi ghaisce an dearthára eile ag teacht isteach ar bhealaí an aeir.

Muintir an tSean-Tí - Ceannairí an Phobail cuir in eagar

Is féidir a rá go bhfuil muintir an tSean-Tí (Gamla húsið), mar a thugtar ar shliocht Karolína agus Tómas, chun tosaigh ar na teaghlaigh eile sa chomharsanacht. Nuair atá an chuid eile ina gcónaí sna beairicí, tá a dteach féin ag an treibh seo, agus é ag breathnú eins og eilífðin hjá forgengileikanum ("mar a bheadh síoraíocht ann in aice leis an díomuaine") i gcomparáid leis na beairicí beaga ina thimpeall. Ós rud é go bhfuil fáras níos mó acu ná ag an gcuid eile de mhuintir an cheantair, is dual dóibh dul i gceannas ar phobal Thule Camp, mar a bhaist na Meiriceánaigh ar na beairicí lena linn féin - déantar kampur den fhocal Béarla camp i mbéal na nÍoslannach, agus kamparar a thugtar ar bhunadh an "champa" seo. Mar shampla, is trua le Tómas na páistí sa "champa", agus bunaíonn sé club sacair leis na buachaillí a choinneáil ón drochobair. De réir mar a fhásann na hógánaigh suas, áfach, éiríonn siad as an sacar agus iad ag dul leis an druncaeracht - in éineacht le fear eile de muintir an tSean-Tí, mar atá, Baddi, atá i gceannas ar na gaigíní sráide ar fad, nó töffararnir, mar a deir an Íoslainnis - focal iasachta é töffari agus é bunaithe ar tough an Bhéarla. Nó is le Baddi a thagann ceol agus gothaí Elvis Presley go dtí an Íoslainn, chomh maith leis na hiasachtaí Béarla. Mar a shamhlófá le fear den chineál sin, níl mórán measa aige ar a thír dhúchais, nach bhfuil inti, dar leis, ach oileán na ndiabhal, djöflaeyja.

Oidhreacht an tSean-Tí cuir in eagar

An chéad dá úrscéal den tríológ, tá siad dírithe ar gach fad agus fairsinge a bhaint as na scéalta grinn agus as na himeachtaí dochreidte atá ag roinnt le saol an "champa". Sa deireadh thiar thall, áfach, tagann deireadh leis an spórt agus leis an spré, nó cuireann na húdaráis na slumanna de dhroim an tsaoil chun feabhas ceart a chur ar chosúlacht na cathrach. Sa tríú leabhar, Fyrirheitna landið nó Tír na Tairngire, cuireann triúr fear óg, clann Dollí agus buachaill amháin eile a bhfuil lúb éigin ghaoil aige leo, cuireann siad rompu dul ar lorg "oidhreacht an tSean-Tí", mar is cuimhin leo féin í ó scéalta a muintire. Mar sin, tugann siad aghaidh ar Mheiriceá, áit a bhfuil fear mór an Mheiriceánachais féin, Baddi, socraithe síos agus é ag dul anonn san aois.

Baintear mealladh as na buachaillí ar gach bealach, áfach. Tá Elvis féin ag iompar na bhfód le fada, agus nuair a théann an triúr acu go ceolchoirm Jerry Lee Lewis le blas éigin a fháil den tsean-rac-cheol, iompaíonn sé amach go bhfuil an dé imithe as an bhfear mór, mar cheoltóir. Maidir le Baddi, níl ann féin ach seandruncaeir suarach.

B'iomaí léitheoir nár thaitin an chuid dheireanach den tríológ leo, nó is é an rud a bhí ag teastáil uathu, i ndiaidh an chéad dá chuid, ná tuilleadh d'imeachtaí greannmhara agus scéalaíocht gan srian. Is é an rud a fuair siad, áfach, ná deireadh réadúil le miotaseolaíocht an chéad dá leabhar.

Tagairtí cuir in eagar