Eiscir Riada
Tugtar Eiscir Riada ar an tsraith droimnín idir an áit a bhfuil Baile Átha Cliath inniu agus Cuan na Gaillimhe. Fuíoll oighearshrutha a leáigh ag deireadh na hOighearaoise atá ann. In aimsir na sean-Ghael, tógadh mórbhóthar ar a dhromchla, agus An tSlí Mhór a thugtaí air. Rinne an eiscir deighilt idir Leath Choinn, a bhí lastuaidh de, agus Leath Mhogha, a bhí laisteas de.
Cineál | Eiscir ![]() | ||
---|---|---|---|
Suíomh | |||
Limistéar riaracháin | Éire ![]() | ||

Tá áiteanna i Leamhcán atá ainmnithe as an tsraith droimnín seo.[1] Sreabhann an Grifín trí bhaile fearainn an Eiscir Thuaidh, a fuair a ainm ó Eiscir Riada, gné oighreach sil-leagtha a fágadh ann nuair a chúlaigh an t-oighear tar éis na hOighearaoise deireanaí. Fuair go leor logainmneacha áitiúla cosúil le foirgnimh, eastáit, bóithre agus droichid a n-ainmneacha ón ngné thíreolaíoch seo. Tá an eiscir so-aitheanta ar an talamh in aice leis na cnocáin ísle nó na hiomairí a sheasann amach ón tírdhreach réidh den till oighreach (cré bholláin) ar ar sil-leagadh é. Nochtadh an eiscir nuair a leáigh an t-oighear timpeall 10,000 bliain ó shin, agus é comhdhéanta de ghaineamh agus de ghairbhéal a tháinig ó aolchloch arna sil-leagan ag uisce a bhí ag sreabhadh faoi oighearshruth. Síneann sí soir-siar trí lár na hÉireann.
Stair
cuir in eagarLeis na mílte bliain, bhí bealach nádúrtha le fáil ar an talamh ní b’airde trí na portaigh i lártíre na hÉireann. Tugtar `Eiscir Riada’ ar an áit (iomaire gainimh na tiomána carbaid), creidtear gurb ionann í agus raon “na Slí Móire”, a shín ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath thoir chomh fada le Droichead an Chláirín thiar ar Chuan na Gaillimhe. Tar éis an chatha ag Maigh Nuad sa bhliain 123 AD, bhí Eiscir Riada mar líne scartha trí Éirinn idir na tailte faoi rialú Chonn Céadchathach ó thuaidh agus Eoghan Mór ó dheas.
"Dia tarla Cond Cetchathach ⁊ Eogan Taidlech i comflaithis fo Erind iarna roind d'Escer Riada on Ath cliath co chele .i. Ath cliath Meadraidi ⁊ Ath cliath Duiblindi."
"Nuair a tharla go raibh Conn Céadchathach agus Eoghan Taíleach i gcomhfhlaitheas ar Éirinn tar éis í a roinnt ag an Eiscir Riadha ó Áth Cliath amháin go dtí an ceann eile .i. Áth Cliath Meáraí agus Áth Cliath Duibhlinne."[3]
Cuireadh an finscéal seo thuas chun cinn sa 7ú nó sa 8ú haois mar mhíniú ar an dá réimse tionchair a bhí i bhfeidhm in Éirinn an uair sin: ceann amháin á riail ó Theamhair faoi ardfhlaitheas na nUí Néill, agus ceann eile á riail ó Chaiseal Mumhan faoi na hEoghanachta (7ú–10ú haois). D'ainneoin an leagain amach seo, is faoi smacht na nUí Néill a bhíodh na Laighin níos minicí ná a mhalairt.[4] Mar sin féin, bhí sé tábhachtach mar choincheap chomh fada leis an 12ú haois.[5]
Le linn dheireadh na Meánaoise bhí dúiche na hEascrach ar cheann de na ceithre Mhainéar Ríoga i gContae Bhaile Átha Cliath, ba mhinic a caitheadh an t-ioncam a fuarthas uathu ar chosaint na Páile, a bhí faoi rialú rialtas Shasana, "in aghaidh an Namhad Éireannaigh".
Sa nua-aois
cuir in eagarGo dtí an lá atá inniu ann, tá Eiscir Riada fós ina mhórbhealach, mar go bhfuil príomh-mhótarbhealach an M4/M6 idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh an-ghar de. Tarlaíonn go leor gníomhaíochta talmhaíochta feadh an bhóthair go fóill, agus talamh dea-dhraenáilte de chaighdeán réasúnta maith fágtha ag an ngaineamh oighreach. Tá na heascracha ina bhfoinse luachmhar d'ábhar tógála, agus go minic baintear gaineamh agus gairbhéal astu.
Féach freisin
cuir in eagarFoinsí
cuir in eagar- Mathúna, Liam Mac (2002). Go Dublind rissa ratter Ath Clíath: Ainmneacha Gaeilge na Príomhchathrach. In Ó Briain, Máirtín agus Ó Héalaí, Pádraig (eag.), Téada dúchais: aistí in ómós don Ollamh Breandan Ó Madagáin (lgh 121–148). Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta.
- Oireabhárd, Seán Ó h– (2024). The Medieval Irish Kings and the English Invasion. Learpholl: Cló Ollscoil Learphoill.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Logainm.ie. "An Eiscir Thuaidh". Dáta rochtana: 19 Aibreán 2025.
- ↑ arna lua ag Mac Mathúna, lch 126-7.
- ↑ Mac Mathúna, lch 127.
- ↑ Ó hOireabhárd, lch 204–205
- ↑ Ó hOireabhárd, lgh 216–217; 227–228