An tSlí Mhór

bóthar sa chianaimsir in Éirinn

Is é an tSlí Mhór ceann de na cúig phríomhbhóthar a chuaigh i dtreo na Teamhrach sa chianaimsir in Éirinn. Bhí na bóithre seo luaite in Annála na gCeithre Máistrí, M123.2:

A n-oidhce geine Cuinn forrith cóicc príomhróid go Temhraigh na ro taidhbhredh riamh go sin. At iatt a n-anmanna, Slighe Asail, Slighe Miodhluachra, Slíghe Cualann, Slighe Mór, Slighe Dála. Slighe Mór tra as isidhe Esccir Riada .i. sabhronna Ereann a dó etir Chonn & Eoghan Mór.[1]

De réir P. W. Joyce, chuaigh an tSlí Mhór siar ó dheas ó Theamhair go dtí gur shroich sé an Eiscir Riada in aice le Cluain Ioraird i gContae na Mí, agus lean sé an eiscir den chuid is mó (ar thalamh a bhí níos airde níos tirime ná an talamh portaigh i lár na tíre) go dtí gur tháinig sé go Gaillimh. Tá codanna den bhóthar seo fós in úsáid.[2]

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar