Is éard is eisigéis[1][2] ann (Sean-Ghréigis: ἐξήγησις óἐξηγεῖσθαι, “treorú amach”) ná léirmhíniú nó ciallú criticiúil ar théacs. Go traidisiúnta, úsáideadh an téarma go príomha i gcás téacsanna reiligiúnacha, go háirithe an Bíobla Críostaí. San úsáid nua-aimseartha, is féidir go mbeadh léirmhínithe criticiúla ar beagnach aon téacs i gceist le heisigéis, lena n-áirítear téacsanna fealsúnachta, litríochta, nó beagnach aon seánra scríbhneoireachta eile. Úsáidtear na frásaí “eisigéis Bhíobalta” nó “tráchtadh an Scrioptúir”[3] anois chun staidéir ar an mBíobla a idirdhealú ó mhínithe criticiúla téacsúla eile.

Bíobla atá oscailte do Leabhar Íseáia

Tagairtí cuir in eagar

  1. “exegesis” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-11.
  2. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “exegesis — Aistriúchán Gaeilge ar exegesis (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-07-11.
  3. “tráchtadh an Scrioptúir” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-11.