Electric Light Orchestra

banna ceoil Sasanach

Is banna ceoil é an Electric Light Orchestra (ELO) a bunaíodh i mBirmingham, Sasana sa bhliain 1970 ag Jeff Lynne, Roy Wood agus Bev Bevan. Thosaigh an grúpa le amhrán "10538 Overture" a scríobh Lynne agus Wood dá mbanna The Move, agus chuaigh siad chun tionscnamh "baroque and roll" a chothú, ach d'imigh Wood tar éis an chéid albaim, The Electric Light Orchestra. Tar éis imeachta Wood, ghabh Lynne ceannas cruthaitheach, ag cumadh beagnach gach amhrán agus gach albam. Tháinig ELO 2 agus On the Third Day sa bhliain 1973.

Bosca Sonraí EagraíochtaElectric Light Orchestra
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálbanna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1970, Birmingham Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Jeff Lynne agus Roy Wood Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre1970 –
Lipéad ceoilWarner Bros. Records
Columbia Records
Epic
Legacy Recordings
United Artists Records
Harvest
Warner Records
Sony BMG Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraRac forásach, rac-ealaine, progressive pop (en) Aistrigh, rac siansach, popcheol rac agus rac is roll Cuir in eagar ar Wikidata
Faoi thionchar
Eile
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinjefflynneselo.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1570672 Facebook: ElectricLightOrchestra Twitter: jefflynneselo Instagram: jefflynneselo Youtube: UCk87V2lvXb6AMZXkLY3_phQ Souncloud: electric-light-orchestra Spotify: 7jefIIksOi1EazgRTfW2Pk iTunes: 471528 Last fm: Electric+Light+Orchestra Musicbrainz: 0c502791-4ee9-4c5f-9696-0602b721ff3b Songkick: 8659244 Discogs: 112154 Allmusic: mn0000163229 Deezer: 207 Cuir in eagar ar Wikidata

Tar éis scaoilte an amhráin "Showdown", as On the Third Day, thug John Lennon isteach ELO ar an raidió mar "Sons of the Beatles". Sa bhliain 1974, fuair siad cáil le Eldorado, an chéad albam óir acu agus lena amhrán "Can't Get It Out of My Head", a gcéad amhrán a shroich sna deich is airde sna cairteacha Meiriceánacha. Ba albam coincheapa é Eldorado. D'éirigh leo lena n-albaim Face the Music, A New World Record agus Out of the Blue, le hamhráin cáiliúil mar gheall ar "Evil Woman", "Telephone Line", "Turn to Stone", "Sweet Talkin' Woman" agus "Mr. Blue Sky".

Fuair an amhrán "Don't Bring Me Down", as an albam Discovery, an áit is airde sna cairteacha Meiriceánacha a bheadh acu. Bhí ciall athrach ag ainm an albaim, "Disco Very", a chruthaigh an pianódóir Richard Tandy, mar go raibh téama dioscó ag an albam. Scaoil ELO albam coincheapa Time amach sa bhliain 1981, leis an singil "Hold On Tight". Ní bhfuair ELO an toradh céanna lena dá albam deireanach, Secret Messages agus Balance of Power, agus cheap daoine go raibh an banna ag cailleadh a ngairbhe ag bogadh i dtreo popcheoil. Bhí fonn ag Lynne dhá albam a scríobh as Secret Messages, ach níor aontaigh an lipéad. Chaill Lynne a fhuinneamh cumtha agus dhíscoir an banna sa bhliain 1986, le Lynne ag casadh chun déanamh ceoil - bhain sé páirt sna Traveling Wilburys, ag obair le George Harrison, Bob Dylan, Tom Petty agus Roy Orbison. Tháinig Lynne agus Tandy ar ais le chéile i 2000 agus 2001 chun Zoom a scaoileadh, ach níor éirigh leis an turas a bhí á phleanáil acu agus dhíscoir siad arís go dtí 2015, nuair a scaoil siad Alone in the Universe faoin ainm Jeff Lynne's ELO.