Elizabeth Allen (file)

file agus scríbhneoir Astrálach

File agus scríbhneoir próis ón Astráil is ea Elizabeth Allen.

Infotaula de personaElizabeth Allen
Beathaisnéis
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síSCECGS Redlands (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinthepoetelizabethallen.com Cuir in eagar ar Wikidata

Tá Allen ina cónaí in Sydney. Fuair sí céim onórach den chéad ghrád i litríocht na hAstráile agus Baitsiléir Ealaíon sa Mhúinteoireacht (Bunscoil) ó Ollscoil Sydney.[1]

Tá a cuid filíochta, gearrscéalta agus léirmheastóireachta liteartha le fáil ina lán irisí agus díolamaí. Orthu sin tá Cordite, Journal of Poetics Research, Bodega, Overland, Australian Book Review (ABR), Southerly, Otoliths, HEAT, Ajar, Rabbit Poetry Journal, Mascara Literary Review, Contemporary Australian Poetry (Puncher & Wattmann, 2016), agus the Best Australian Poems (Black Inc. 2012 agus 2014).[1]

Tá dhá chnuasach filíochta foilsithe aici, Body Language (Vagabond Press, 2012) agus Present (Vagabond Press, 2017). Tá a lán duaiseanna gnóthaithe aici, agus is iomaí rang filíochta a reáchtáil sí do pháistí agus do dhaoine fásta.[1]

Tá sé ráite faoina saothar go bhfuil greann deas féinmhaguil ann ach gur féidir leis sinn a tharraingt i bhfad níos doimhne, i dtreo go dtagaimid aníos agus a fhios againn nach féidir an crá a sheachaint ach go bhfuil gá le sult agus gur aisteach an mac an saol.[2] Tá tagairt déanta chomh maith do mhire chriostallach a cuid dánta, d’úsáid na gnáthchainte, agus don chumas atá acu do chroí a bhriseadh beagnach.[3]

Sleachta[4] cuir in eagar

(Sliocht as “After seven long years underground”)

After seven long years underground
 
the crust of mascara starts to crack and flake.
She claws her way up into your kitchen to stand
wiping the cigarette smoke from her eyes.
 
You have been preparing a lentil salad and
perhaps this has brought her: steam rising with
the scent of nutmeg, cinnamon, cumin and
mustard powder; the bite and tang of salt and sugar.

Agus seacht mbliana caite aici faoi thalamh

tosaíonn screamh an mhascára ag scáineadh ina scealpaí.
Streachlaíonn sí í féin aníos i do chistin agus seasann ann
ag cuimilt dheannach an toitín dá súile.

Bhí tú ag réiteach saláid lintilí agus b’fhéidir
gur mheall sin í: an ghal ag éirí
le boladh noitmige, cainéil, cuimín agus
púdar mustaird, blas géar an tsalainn is an tsiúcra.

(Sliocht as “Walking to Greenwich Baths, for JG”)

how you have small neat hands
the fingers red when it is cold
and fragile, ungloved, you gave
 
me a tight bunch of poppies
in a darting action: a handing over
that was a snatching back
 
how you sat across the table
at the inaugural anniversary
of the mad hatter’s tea party
 
sunlight fell into our cups
like soft white rain and tasted
like tears of single origin

nach comair iad do lámha beaga
do mhéara chomh dearg sin lá fuar
tú leochaileach gan mhiotóga, ag tabhairt

táth teann poipíní dom
de sciotán: bronntanas
arbh áladh ar ais é

nár shuigh tú trasna an bhoird uaim
ag cothrom tosaigh chóisir thae
an haitéara bhuile

thit solas na gréine isteach sna cupáin
ina bháisteach bhog bhán agus blas air
mar bhlas deora bunús aonair

Nótaí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 The Poet Alizabeth Allen (suíomh): https://thepoetelizabethallen.com/about/
  2. Review: Jessica Wilkinson, New Poetry - Fruitful Playgrounds. Sydney Review of Books: https://sydneyreviewofbooks.com/review/present-domestic-interior-passage/
  3. David Gilbey reviews Adam Aitken and Elizabeth Allen, Cordite Poetry Review, 19 December 2018: http://cordite.org.au/reviews/gilbey-aitken-allen/
  4. Féach "Fifty-one contemporary poets from Australia: Part 5," Jacket, eag. Pam Brown:https://jacket2.org/poems/poems-elizabeth-allen