Is éard is brí le entrée (mar /ˈɑːntreɪ/ án-tré a fhuaimnítear é, ón bhFraincis "teacht/bealach isteach" a thagann sé) ná ceann de chúrsaí i seirbhís an bhéile fhoirmiúil sa domhan iartharach, cúrsa níos lú roimh an bpríomhchúrsa go sonrach.[1] Baintear úsáid éagsúil as seo i Meiriceá Thuaidh, áit a gciallaíonn an téarma an príomhchúrsa féin, de bharr gur imigh príomhchúrsa mór a roinnfí i measc an bhoird ar fad (feoil rósta mar shampla) ag tús an 20ú céad.[2] Sa chás sin tugtar an chéad chúrsa (first course), appetizer nó "tosaitheoir" (starter) ar an rud a dtabharfaí entrée air murach sin.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Dar le Grand Dictionnaire de Cuisine (1871) de chuid Alexandre Dumas is ionann "entrée" agus "Préparation chaude qui accompagne ou suit le potage, "ullmhúchan te a thagann leis nó in dhiaidh an anraith".
  2. Why Americans say Entrée when everyone else says Main