Eoghan Mac Giolla Bhríde

scríbhneoir agus déantóir scannán Éireannach

Is údar Éireannach é Eoghan Mac Giolla Bhríde, a bhfuil trí chnuasach gearrscéalta foilsithe aige.

Infotaula de personaEoghan Mac Giolla Bhríde
Beathaisnéis
BreithGaoth Dobhair Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir scripte, gearrscéalaí, aisteoir, aistritheoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaCanúint Ghaeilge Uladh
Teaghlach
MáthairNellie Nic Giolla Bhríde
SiblínDoimnic Mac Giolla Bhríde

IMDB: nm2900682 Twitter: fothalamh Cuir in eagar ar Wikidata

As Gaoth Dobhair i dTír Chonaill d'Eoghan Mac Giolla Bhríde agus tá cónaí air faoi láthair i mBaile Átha Cliath. Is é a thríú cnuasach gearrscéalta Cnámh. Foilsíodh Idir Feoil is Leathar (Coiscéim) in 2002 agus Díbeartaigh (Coiscéim) in 2005. D'aistrigh sé an leabhar An Prionsa Beag (Éabhlóid) ón Fhraincis in 2015. Bhí sé mar eagarthóir ar leagan úr den leabhar Cáitheadh na dTonn le Muirghein agus ar an bhailiúchán tomhasanna Tomhas Orm, Tomhas Ort! Is scríbhneoir scripte scannán é agus bhí sé ina chomhscríbhneoir ar na scannáin Silence (Harvest Films, 2012) agus Song of Granite (Marcie Films, 2017).

Litríocht cuir in eagar

Scéalta iad atá lán le héirim, osréalachas, agus seanchas, lonnaithe in áiteanna ar fud na cruinne ó Ghaoth Dobhair go Guatamala.

Scannáin cuir in eagar

Bíonn Eoghan Mac Giolla Bhríde gníomhach i saol na scannánaíochta chomh maith, agus cláir á ndéanamh aige ag Éabhlóid[1]. Bhí ceann amháin faoin gceoltóir John Doherty, ceann eile faoi Néilidh Mulligan agus Stiúrtha ag Eoghan Mac Giolla Bhríde.

Saol cuir in eagar

As an Charraic i nGaoth Dobhair d’Eoghan Mac Giolla Bhríde. Céim aige san Innealtóireacht Shibhialta.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "eabhloid.com" (ga-IE). Éabhlóid. Dáta rochtana: 2021-08-04.

Naisc sheachtracha cuir in eagar