Osclóidh seo an príomhroghchlár

Polaiteoir Éireannach ab ea Erskine Hamilton Childers (11 Samhain 190517 Samhain 1974), a roghnaíodh mar cheathrú Uachtarán na hÉireann.

Erskine Hamilton Childers
Erskine Hamilton Childers

I bhfeidhmeannas: 25 Meitheamh 197317 Samhain 1974
Uimhir tréimhsí: 1
Réamhtheachtaí: Eamon de Valera
Comharba: Cearbhall Ó Dálaigh
Ainmnithe ag: Fianna Fáil
Iarrthóirí eile: 1973
Fine Gael:
:: Tom O'Higgins

Dáta breithe: 11 Samhain 1905
Áit bhreithe: Londain
Dáta báis: 17 Samhain 1974
Áit bháis: Baile Átha Cliath, Éire
Céile: Rita Childers
Gairm: Polaiteoir

Ba mhac é le Robert Erskine Childers (féach Asgard), scríbhneoir agus náisiúnaí a bhí páirteach sa ghluaiseacht ar son neamhspleáchas na hÉireann.

SaolCuir in Eagar

I Londain, Sasana a rugadh Erskine Hamilton Childers, ach bhog a a theaglach go Cill Mhantáin nuair a bhí an Chéad Chogadh Domhanda críochnaithe.

Bhí Childers ina Theachta Dála ó 1938, an bhliain a ndearnadh saoránach Éireannach de, go dtí 1973.

Bhí postanna éagsúla aige sa Dáil i gcomhaireachtaí Fhianna Fáil faoi Eamon de Valera, Seán Lemass agus Jack Lynch (Seán Ó Loingsigh).

UachtaránCuir in Eagar

Bhí Childers ina Thánaiste ó 1969 go dtí gur toghadh mar Uachtarán na hÉireann é.

 
dealbh bhrád, Ard-Eaglais Phádraig, BÁC

D'oibrigh sé go dian mar Uachtarán agus fuair sé taom croí go tobann agus é in oifig ar an 17 Samhain 1974. Bhí óráid faoi scíth & íoga á thabhairt aige ag an am i gColáiste Ríoga Lianna, Baile Átha Cliath[1]. Ní raibh ach 69 bliain d’aois aige.

TagairtíCuir in Eagar

 
Erskine H. Childers - Síniú
  1. Irish Times. "Daughter recalls sudden death". Dáta rochtana: 2018.