Fáith
- Féach freisin: Fáidh
Is é fáith an leagan Sean-Ghaeilge le haghaidh fáithe agus fealsúna Ceilteacha ársa. Úsáidtear an focal vates as Béarla agus Géarmánis mar théarma teicniúil dóibh siúd, ón bhfréamh Phrótai-Cheiltise *wātis.[1]
Sanasaíocht
cuir in eagarIs é an téarma atá á phlé anseo, fáith, ná an focal Prótai-Ceiltise *wātis, aitheanta ón Gréigis, Laidin agus dteangacha Ceilteacha níos deireanaí. Forbraíodh an focal *wātis diaidh ar ndiaidh go fáith as Meán-Ghaeilge, fáidh a Nua Ghaeilge. Is gaol é go hindíreach leis an bhfocal Breatnaise, gwawd, adhmholadh.[1][2]
Ba ghaol é an focal Laidine vates leis an gCeiltis,[3][4] sin nó iasacht Ceiltise.[1]
Cé gur tógadh ar iasacht an focal ó Laidin go Béarla, úsáidtear é de ghnáth sa teanga úd le taobh fáithe Ceilteach seachas Rómhánach.) Creidtear go forleathan go bhfuil gaoil ag *wātis i dteangacha Gearmánacha eile, san áireamh an focal Gotaise wods, 'seilbh'.[4]
Dá mba ghaoil seachas iasachtaí iad *wātis as Ceiltis, vates as Laidin, agus focail mar an gcéanna as teangacha Gearmánacha eile, b'fhéidir é mar sin go raibh siad fréamhaithe ón bhfocal Ind-Eorpaise *(H)ueh₂t-i- "fáidh".[4]
Stair
cuir in eagarAn Róimh ársa
cuir in eagarD'úsáideadh na scríbhneoirí is luaithe na Laidine an focal vates chun fáithe agus daoine feasa a chur in iúl. Ligeadh an focal i léig go dtí gur athmhúscail Virgil é.[5] Dúirt Ovid gur vates as Eros (Amores 3.9) an ea é.
Sa Róimh págánach, bhíodh na vates ina gcónaí ar Chnoc na Vatacáine.[6] Nuair a tháinig an pápacht ar ais go dtí an Róimh ó Avignon sa 14ú haois, bhí cónaí ar an bPápa sa Vatican as sin amach.[7]
Sibhialtacht na gCeilteach
cuir in eagarDe réir údair na Gréige Ársa, Strabo, Diodorus Siculus,[8] agus Poseidonius, ar cheann de thrí aicme na sagartachta Ceiltí ab ea na vates (Gréigis οὐάτεις) priest, agus an dá eile ná na draoithe agus na baird. Ba fáithe iad na vates, agus dheineadh siad íobairtí (ach go háirithe íobairtí daonna) faoi údarás draoi, de réir léirmhínithe Rómhánach agus Chríostaí.
Sa lá inniu
cuir in eagarIs iad na Vates (nó Ovates) ar cheann de na trí ghrád den Order of Bards, Ovates and Druids, ord nua-Dhraíochta lonnaithe i Sasana.
Is é ovate an chéad ghrád sa Gorsedd na mBard nua-aimseartha sa Bhreatain Bheag. Ní cumann nua-Dhraíochta é an Gorsedd, ach tá béim aige ar chultúr agus ealaíon na Breataine Bige. Tá a gcuid gnás agus cleachtas bunaithe ar athshamhluithe na Draíochta le hIolo Morganwg.
Foinsí
cuir in eagar- Perkins, Caroline A., "Ovid's Erotic Vates" in Helios, March 2000
- Rübekeil, Ludwig, Wodan und andere forschungsgeschichtliche Leichen: exhumiert Curtha i gcartlann 2005-02-19 ar an Wayback Machine, Beiträge zur Namenforschung (2003), 25–42.
- Peter Berresford Ellis, "The Druids", William B. Eerdmans Publishing (1995) ISBN 0-8028-3798-0
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 Bernhard Maier, Lexikon der keltischen Religion und Kultur, Stuttgart: Kröner, 1994, s.v. vates.
- ↑ Earráid leis an lua: Invalid
<ref>
tag; no text was provided for refs named:1
- ↑ Arnaud Fournet, 'About the Ethnolinguistics of Gaulish People: The Case for a Kartic Substrate', The Macro-Comparative Journal, 2.1 (2011), 1-15 (lch. 8).
- ↑ 4.0 4.1 4.2 Michiel de Vaan, Etymological Dictionary of Latin and the Other Italic Languages, Leiden Indo-European Etymological Dictionary Series, 7 (Leiden: Brill, 2008), lch. 656, s.v. vātēs, -is.
- ↑ "Vates". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2005-11-25. Dáta rochtana: 2019-11-05.
- ↑ Compendious Description of the Museums of Ancient Sculpture, Greek and Roman, in the Vatican Palace, le Cav. H. J. Massi, Rome, 3ú Eagrán, 1889, lch 7.
- ↑ Lo Bello, Nino (1998). "Incredible Book of Vatican Facts and Papal Curiosities". Liguori Publications.
- ↑ Ovates or Vates: The Shamans