Féileacán fáinlearrach

Is féileacáin mhóra ildaite iad na féileacáin fháinlearracha a chuimsíonn an fhine Papilionidae. Tá níos mó ná 550 speiceas ann. Tá siad ina gcónaí sna trópaicí den chuid is mó, ach faightear iad ar gach mór-roinn seachas Antartaice. Rangaítear na féileacáin is mó ar domhan, na féileacáin éaneiteacha sa ghéineas Ornithoptera, i measc na bhféileacán fáinlearrach.[1]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoFéileacán fáinlearrach
Papilionidae Cuir in eagar ar Wikidata

féileacán fáinlearrach Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamArthropoda
AicmeInsecta
OrdLepidoptera
ForfhinePapilionoidea
FinePapilionidae Cuir in eagar ar Wikidata
Latreille, 1809
Cineál tacsanomaíochPapilio Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmníocht
This zoological name is coordinate with (en) AistrighPapilionoidea, Papilioninae agus Papilionini Cuir in eagar ar Wikidata

I speicis áirithe, tá na heití deiridh gabhlánach, cosúil le fáinleog; is é sin bunús an ainm “fáinlearrach”: fáinleog + earr (eireaball). Maidir lena ainm eolaíochta, roghnaigh Linnaeus an t-ainm Papilio don géineas tíopúil, toisc gurb é sin an focal Laidine ar “féileacán”. Thug Linnaeus ainmneacha Gréagacha ar na speicis in Papilio. Mar shampla, is in ómós do Machaon, mac de chuid Aescaláipias atá luaite san Íliad, ainm an speicis tíopúil Papilio machaon.[2] Agus ainmníodh an speiceas Papilio homerus i ndiaidh an fhile Ghréagaigh, Hóiméar.[3]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Reed, Robert D. (2006). “Papilionidae – The Swallowtail Butterflies”. [Tree of Life Web Project]. Dáta rochtana: 7 Samhain 2010.
  2. Salmon, Michael A., Marren, Peter, Harley, Basil. The Aurelian Legacy: British Butterflies and Their Collectors. page 252. Publisher: University of California Press. 2001. ISBN 978-0-520-22963-1
  3. Lehnert, Matthew S. (10 Iúil 2017). "Jamaica's Critically Endangered Butterfly: A Review of the Biology and Conservation Status of the Homerus Swallowtail (Papilio (Pterourus) homerus Fabricius)" (as en). Insects 8 (3): 68. doi:10.3390/insects8030068. PMID 28698508.