Féilire na Naomh de chuid na 8ú nó 9ú haoise is ea Féilire Thamhlachta. Diolaimiodh an saothar ag Maol Ruain agus/nó Aonghas Chéilí Dé i Mainistir Thamhlachta gar de Bhaile Átha Cliath.[1] As prós a scríobhadh an Féilire, agus dhá alt ann le haghaidh gach lae, idir ginearálta agus naoimh na hÉireann. Tá ann freisin brollach agus iarfhocal.[2]. Tá garghaol aige le Féilire Aonghasa.

WD Bosca Sonraí LeabharFéilire Thamhlachta
Fóilió as leagan d'Fhéilire Thamhlachta scartha ón Leabhar Laighneach agus caomhnaithe anois i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath

Brollach cuir in eagar

Tá ann sa bhrollach rann cáiliúil maidir le meath na págántachta i nÉirinn:

Senchatraig na ngente
iman roerud ruda
itfossa can adrad
amail Lathrach Lugdach

Ind locáin[3] rogabtha
dessib ocus trírib
it rúama co ndálib
co cétaib, co mílib.


Seanchathracha na bpágánacha
to which length of occupation has refused
'siad fásaigh gan adhradh
amhail láithreach Lughdach

Na locáin gafa
faoi dhó is faoi thrí
'siad Róimhe go dál
go céadta, go míle

Teideal agus údar cuir in eagar

Bunaithe ar bhéaloideas agus téacsanna níos sine, d'fhéadfadh é gur cumadh an saothar sa bhliain work 790.[4] Dar le Pádraig Ó Riain as Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, téann idir Féilire Tamhlachta agus Féilire Aonghasa siar go dtí c. 830. Molann Ó Riain go bhfuil na haltanna ginearálta san fhéilire bunaithe ar cóip as Northumbria den Martyrologium Hieronymianum.[5][6]

Ní fheictear an teideal Féilire Tamhlachta don chéad uair ach go dtí an 12ú haois, luaite i bhFéilire Uí Ghormáin scríofa idir na blianta 1166 agus 1174 ag Mael Muire Ua Gormáin, abb an Chnoic, Contae Lú. Luann Ó Gormáin le Maol Ruain an Féilire agus deir gur bhunaigh Aonghas a shaothar ar siúd.[7][8]

Rinne Michael O'Clery cóip den Fhéilire agus scríobh sé "Féilire Oengusa mic Oibleain (.i., Óengus Chéilí Dé) agus Mael Ruain anseo", ach níor luaigh sé foinse ar bith.[7]

Chuir an Proinsiasach Seán Mac Colgáin le fios nárbh fhéidir le hAonghas agus Maol Ruain Féilire Tamhlachta a chríochnú mar atá inniu ann, toisc go bhfuil iontrálacha ann do dhátaí tar éis a mbásanna. Mhol sé fosta go ndearnadh na hiontrálacha seo ag Mainistir Thamhlachta, áit a d'oibrigh Óengus agus Maol Ruain le chéile, rud a thabhairt údar leis an ainm Féilire Tamhlachta a thug O Gormáin air.[7]

Lámhscríbhinní cuir in eagar

Is é an lámhscríbhinn is luaite ina fhaightear an Féilire ná cóip easpach de chuid na 12ú haoise den Leabhar Laighneach le hAodh Ó Criomthainn.[7][9] Scaradh deich bhfóilió ón bpríomhimleabhar faoin mbliain 1583, a tháinig i seilbh Mhichíl Uí Chléirigh sa bhliain 1627. Sa bhliain 1631, cuireadh fóiliónna an Fhéilire chuig Sean-Ollscoil Lováin, áit ar chuir Seán Mac Colgáin roinnt nótaí imill leo.

Go déanach san 18ú haois, bhí na fóilióí sa Choláiste Éireannach sa Róimh, agus sa bhliain 1872 cuireadh ar ais go hÉirinn iad, ar dtús coimeádta sa chlochar Proinsiasach ar Ché na gCeannaithe, Baile Átha Cliath, níos déanaí ag Dun Mhuire, Cill Iníon Léinín.[7] Sa bhliain 2000, tháinig an lámhscríbhinní i seilbh Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, faoin gcód MS Franciscan A3.[10] Tá tuairim is céad lá is caoga den Fhéilire ar iarraidh ón lámhscríbhinn úd, ach feictear siúd sa chóip a rinne Ó Cléirigh sa 17ú haois.[2]

Caomhnaítear Féilire Aonghasa, scríofa le rannta, i Réine lámhscríbhinní eile meánaoise.[11]

Foinsí cuir in eagar

  • Best, Richard Irvine, & Hugh Jackson Lawlor (eah.) The Martyrology of Tallaght: From the Book of Leinster and MS. 5100–4 in the Royal Library, Brussels (Harrison and Sons, 1931, 262 leathanach)

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Teimpléad:CathEncy
  2. 2.0 2.1 Welch, Robert, & Bruce Stewart, The Oxford Companion to Irish Literature. Oxford University Press, 1996, ISBN 978-0-19-866158-0, lch. 359 at google.co.uk
  3. locán, suíomh mainistreach, ar eDIL
  4. Martyrology of Tallaght at catholiconline.com
  5. Primary Sources for the Study of Liturgy, Hagiography and Other Aspects of Medieval Studies Curtha i gcartlann 14 Nollaig 2008 ar an Wayback Machine at ucc.ie
  6. Ó Riain, Pádraig, Feastdays of the Saints: A History of Irish Martyrologies, Subsidia Hagiographica 86 (Brussels: Société des Bollandistes, 2006, ISBN 2-87365-018-4)
  7. 7.0 7.1 7.2 7.3 7.4 Follett, Westley, Céli Dé in Ireland: Monastic Writing and Identity in the Early Middle Ages (Londain: Boydell Press, 2006, ISBN 978-1-84383-276-8) ll. 129–130 ar books.google.co.uk
  8. Stokes, W. (ed.) Felire Hui Gormain: The Martyrology of Gorman (Londain: 1895) le fáil ag archive.org
  9. Best, Richard Irvine & Lawlor, Hugh Jackson (eag.) The martyrology of Tallaght (Henry Bradshaw Society 68, 1931)
  10. MS A3 at www.ucd.ie
  11. "The Martyrology of Oengus the Culdee".