Ba é Áed Ua Crimthainn (Nua-Ghaeilge: Aodh Ó Criomhthainn) nó Áed mac Crimthainn (12ú haois) ab agus comharba Thír Dhá Ghlas i ngar do Loch Dearg i gContae Thiobraid Árann.[1] Ba é príomhscríobhaí an Leabhair Laighnigh (Leabhar an Nuachabhála) é agus síltear gurb eisean a dhíolaim é.[2][3][4]

Fóilió 53 den Leabhar Laighneach

Beatha agus saotharCuir in Eagar

Scoláire ba ea Áed agus é ina dhuine de sheanmhuintir eaglaiseach i Contae Laoise. Ba chomharbaí iad de Cholum moccu Loigse (Colum mac Crimthainn), manach a bhunaigh Mainistir Thír Dhá Ghlas sa 6ú haois agus a bhí mór le Colm Cille.[2] Lean Áed Finn mac maic Chélechair Ui Cheinnéidig, ceann mainistreach a fuair bás in 1152. Is dócha gurbh é Áed an comharba deireanach, mar dódh an mhainistir in 1164.[4]

Bhí Áed mór le Finn mac Gussáin Ua Gormáin, easpag Chill Dara agus ab an Iúir, agus théidís i gcomhar le chéile.[3][4][5][6] Chuidigh Finn agus Gilla na Náem Úa Duinn le hÁed an Leabhar Laighneach a dhíolaim.[7]

Díolaim de stair, de scéalta agus de dhánta atá i gceist. Cuireann na hannála atá sa leabhar in iúl gur scríobhadh é idir 1151 and 1201, cé go raibh an chuid is mó de críochnaithe faoi na 1160idí.[6] Is féidir an bhliain 1166 a chur leis an iontráil dheireanach a bhreac Áed lena láimh féin.[4]

Is dócha gurbh é Áed staraí an rí Diarmait Mac Murchada. Sa Leabhar Laighneach is cosúil go raibh sé ar an gcéad scoláire a bhain feidhm as an abairt “rí Érenn co fressabra” (rí na hÉireann go freasúra), abairt a mbainfeadh a lán eile feidhm aisti ina dhiaidh sin.[8]

Rinneadh cóip de litir a fuair Áed ón easpag Finn san Leabhar Laighneach i bhFóilió 206, cóip a rinne ceann de na lámha eile sa lámhscríbhinn.[5] Tá sí seo ar na litreacha pearsanta is luaithe a scríobhadh in Éirinn.[9] Deir an litir:

Betha 7 slainte o Fhind epscop (.i. Cilli Dara) do Aed mac Crimthainn do fhir leigind ardrid Leithi Moga (.i. Nuadat) 7 do chombarbu Cholumim meic Crimthaind 7 do phrimsenchaid Laigen ar gaes 7 eolas 7 trebaire lebur 7 fessa 7 foglomma 7 scribthar dam deired in sceoil bisce
cu cinte duit a Aed amnais
a fhir cosinn aeb ollmais
cian gar dom beith it hingnais
mían dam do bit him comgnais
Tucthar dam duanaire Meic Lonain co faiccmis a cialla na nduan dilet ann. Et Uale in Christo
Beatha agus sláinte ó Fhionn easpag (i.e. easpag Chill Dara) chun Aodha mhic Chriomhthain, fear léinn Ardrí Leath Mhogha (i.e. Maigh Nuad) agus chun comharba Choilm mhic Chriomhthain agus chun príomhsheanchaí Laighean ar ghaois agus eolas agus treabhaire leabhar agus feasa agus foghlama, agus scríobhtar dom deireadh an scéil bhig: Go cinnte duit a Aodh ghéarintinnigh, a fhir na gnúise an-áille, más gearr nó fada atáim i d’éagmais is mian liom tú a bheith i mo chóngas. Go dtugtar dom duanaire mhic Lonáin go bhfeicimis ciall na ndánta atá ann. Et vale in Christo.

Bhí amhras ag Áed ar rudaí sa traidisiún ach bhí sé sásta iad a choinneáil sa lámhscríbhinn.[1]

NótaíCuir in Eagar

  1. 1.0 1.1 Lydon, James F.. The Making of Ireland: From Ancient Times to the Present. (London: Routledge, 1998, ISBN 978-0-415-01348-2) lgh 42–43.
  2. 2.0 2.1 Breen, Aidan, Áed Ua (or Mac) Crimthainn in Duffy, Seán, Ailbhe MacShamhráin & James Moynes, Medieval Ireland: An Encyclopedia (CRC Press, 2005, ISBN 978-0-415-94052-8)
  3. 3.0 3.1 O'Neill, Timothy, The Irish Hand: Scribes and Their Manuscripts from the Earliest Times to the Seventeenth Century with an Exemplar of Irish Scripts (Dublin: Dufour Editions, 1984, ISBN 978-0-85105-411-7)
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 Follett, Westley, Céli Dé in Ireland: Monastic Writing and Identity in the Early Middle Ages (London: Boydell Press, 2006, ISBN 978-1-84383-276-8)
  5. 5.0 5.1 O'Sullivan, William, 'Notes on the scripts and make-up of the Book of Leinster', in Celtica 7 (1966) lgh 1–31
  6. 6.0 6.1 Kelleher, Margaret, and Philip O'Leary (eds.) The Cambridge History of Irish literature – Volume 1 to 1890 (Cambridge University Press, 2006), lgh 33 & 36
  7. Bhreathnach, Edel, 'Two contributors to the Book of Leinster: Bishop Finn of Kildare and Gilla na Náem Úa Duinn' in Michael Richter and Jean-Michel Picard (eag.) Ogma: essays in Celtic studies in honour of Próinséas Ní Chatháin (Dublin: Four Courts Press, 2002), lgh 105 - 111
  8. Byrne, Francis John. "Ireland and her neighbours," c.1014 - c.1072: Ó Cróinín, Dáibhí (eag.): Prehistoric and Early Ireland, A New History of Ireland, imleabhar I, 2005 (ISBN 978-0-19-922665-8) Oxford University Press: lgh 862 - 898 869 - 870.
  9. Forste-Gruppe, S., 'The Earliest Irish Personal Letter', Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium ( 27–30 April 1995), 15 (1995) lgh 1–11